Cairbre
Sráidbhaile beag Éireannach é Cairbre[1] (Béarla: Carbury, ach uaireanta feictear "Carbery" chomh maith), atá suite in iarthuaisceart Chontae Chill Dara, ar an mbóthar R402 idir an Bóthar Buí agus Éadan Doire, gar don teorainn le Contae Uíbh Fhailí.
Cairbre | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Chill Dara | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1412370 |
Stair
cuir in eagarTá fianaise scríofa ann de lonnaíocht sa cheantar ó na laethanta págánacha i leith. Ar Sidh Nechtain a bhí an lonnaíocht seo dírithe, nó Cnoc Chairbre mar a thugtar inniu air[2]. File iomráiteach a bhí ina Rí Laighean a bhí i Nechtain, agus thóg seisean daingean gar do mullach an chnoic[3]. Tá tobar naofa ag bun an chnoic chomh maith atá mar fhoinse na Bóinne[4]. Nuair a leag an Chríostaíocht cos sa tír den chéad uair, thugadar Tobar na Tríonóide air, an leagan atá i bhfeidhm ó shin i leith[5].
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Seanachas ó Chairbre 1, Seán Ó Cróinín a thóg síos, Donncha Ó Cróinín a chuir in eagar.
Comhairle Bhéaloideas Éireann 1985. ISBN 0-901120-90-1,lch 660. https://www.jstor.org/stable/20522294
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Cairbre/Carbury | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-04-04. Dáta rochtana: 2016-04-08.
- ↑ https://books.google.ie/books?id=blfu2jHHtpwC&pg=PA64&lpg=PA64&dq=Sidh+Nechtain&source=bl&ots=sF25narQW8&sig=MnhrmltNwULd-QYUNpP-xUBzuXo&hl=en&sa=X&ved=0ahUKEwjxtqbz6c_MAhVqCcAKHSdJBMkQ6AEIJTAC#v=onepage&q=Sidh%20Nechtain&f=false
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-04-04. Dáta rochtana: 2016-04-08.
- ↑ http://www.logainm.ie/ga/1412727?s=trinity+well
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |