I Miotaseolaíocht na nGael, lia na dTuath Dé Danann ab ea Miach mac Dhiain Cheachta. Chuir sé lámh chnis agus feola in ionad na láimhe airgid a rinne a athair dó Nuada. Mharaigh a athair é dá bharr, ite ag an éad toisc nach raibh seisean in ann a leithéid a dhéanamh. Ghearr sé ceann a mhic faoi cheathair lena chlaíomh: leis an gcéad buille, níor ghearr sé ach craiceann Mhéich, agus leigheas Miach é; leis an dara, bhris sé blaosc Mhéich, ach leigheas Miach é; leis an tríú, scríob sé inchinn Mhéich brain, ach leigheas Miach fós sin; leis an gceathrú buille, ghearr sé inchinn a mhic in dhá leath, agus sa deireadh maraíodh Miach. D'fhás 365 luibh óna uaigh a chuir a dheirfiúr Airmed in eagair, ach a scaip a n-athair éadmhar.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarMiach
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharCath Maighe Tuireadh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairDian Cécht Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníAirmed Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cumaissupernatural healing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

I ndeireadh na dála, áfach, feictear Miach arís níos déanaí sa scéal, fós ag leigheas na dTuath Dé le taobh a athar agus a dheirféar. Is léir dá bharr nach raibh aon dochar déanta.

Sanasaíocht cuir in eagar

Focal liteartha is ea miach[1] fós sa Nua-Ghaeilge, le brí buiséal nó méid gráin chomhaontaithe. I dtéacsanna dlí, feictear miach le haghaidh méid gráin bhraiche. Sa Mhumhain, tá lua ann do fleith in méich (Fleadh Mhéich).[2]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar