Dían Cécht
I Miotaseolaíocht na nGael, dia leighis ab ea Dian Céacht (Sean-Ghaeilge Dían Cécht, darb ainm chomh maith Cainte nó Canta) na dTuath Dé Danann. Athair Cu, Cethen agus Chéin ann ea é.[1] B'iad Miach, Airmed, Étan file agus Ochtriullach a pháistí eile.[2][3] Sa Dinnseanchas, deirtear gur mac Daghdha é Dian Céacht.[4] Ba sheanathair athartha Lugh é.
Cineál | dia health deity (en) carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Comhthéacs | |
Miotaseolaíocht | miotaseolaíocht na nGael |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Leanaí | Cian mac Dían Cecht, Airmed agus Miach |
Eile | |
Cuid de | Tuatha Dé Danann |
Sanasaíocht
cuir in eagarIs amhlaidh[5] go bhfuil an t-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Ceiltis *Deino-kwekwto-, ‘comhbhruith gasta’.
Sa tSean-Ghaeilge, ciallaíonn cécht[6] sail chéachta,[7] a luaigh go fileata don chéachta iomlán.[8][9][10] Is é brí le Dían ná díocasach, gasta, fuinniúil, nó tréan.[11]. Le cois sin, tugann ainmneacha a pháistí, Miach agus Airmed, tacaí do ghaol le talmhaíochta agus treabhadh.
De réir an Historical Encyclopedy of Celtic Culture, d'fhéadfadh sé gur comhcheangal é an t-ainm Dían Cécht[12] d'fhocail choitianta na Sean-Ghaeilge dían[13] 'swift', agus cécht, gluaiste mar 'cumhacht'.[14][15] Is amhlaidh ámh gur sanasaíocht thraidisiúnta na ndaoine é seo.
Sa Chóir Anmann, tugtar deus mar ghluais ar dían.[16]
Dia de chuid miotaseolaíocht na Breataine Bige is ea Amaethon, a bhfuil gaol aige le céachtaí.
Tobar leigheasach
cuir in eagarBheannaigh Dian Céacht tobar darb ainm Sláine, siar ó Mhaigh Tuireadh agus soir ó Loch Arbhach[17] in áit darb ainm Achadh an Chrann Úll (Achad Abla),[18][19] áit a thagadh na Tuatha Dé Danann chun folcadh agus leigheas agus iad gortaithe, sula dtéidís ar ais chun troda. Leigheasadh an tobar gach cneá ach dícheannadh.[3]
Beiriú na Bearú
cuir in eagarBa é Dian Ceacht a tharrtháil Éire tráth, agus ba chúis é, cé go hindíreach, ainm na Bearú.[20][21]
Rugadh mac do Mhór-Ríoghain, bean chéile fíochmhar dia na neimhe, ach chomh uafáis a bhí sé gur thug lia na déithe, agus baol ina thuar aige, thug sé comhairle go marófaí ina leanbh é.[21] Rinneadh amhlaidh, agus d'oscail Dian Céacht croí an linbh. D'aimsigh sé laistigh trí nathair a bheadh in ann agus iad fásta Éire a bhánú.[21] Dhíothaigh sé na nathracha agus dhóigh sé iad ina luaithreach, chun olcas a gcoirp mharbha a chosc.[21] Lena chois sin, rad sé an luaithreach isteach san abhainn ba ghiorra dó, óir go raibh faitíos air rompu fós. Agus, go deimhin, chomh nimhneach sin a bhí siad gur cuireadh an abha ag fiuchadh agus ag beiriú, agus maraíodh gach uile neach beo inti. Dá bharr sin, is é ainm na habhann ná An Bhearú as sin amach.[21]
According to the Metrical Dindsenchas:
'No motion it made
The ashes of Meichi the strongly smitten:
The stream made sodden and silent past recovery
The fell filth of the old serpent.
Three turns the serpent made;
It sought the soldier to consume him;
It would have wasted by its doing the kine;
The fell filth of the old serpent.
Therefore Diancecht slew it;
There rude reason for clean destroying it,
For preventing it from wasting
Worse than any wolf pack, from consuming utterly.
Known to me is the grave where he cast it,
A tomb without walls or roof-tree;
Its ashes, evil without loveliness or innocence
Found silent burial in noble Barrow.[20]
This tale in the Dinnseanchas indicates that the being slayed by Diancecht was a serpent named Meichi. Elsewhere the figure named as the slayer of Meichi is Mac Ceacht.[20]
Leigheas lámh Nuada
cuir in eagarRinne Dian Céacht land airgid do Nuada, a bhí in ann bogadh agus feidhmiú mar ghnáthlámh. Ina dhiaidh sin, rinne Miach mac Diain lámh chnis agus feola in hionad. Mharaigh a athair é dá bharr, ite ag an éad toisc nach raibh seisean in ann a leithéid a dhéanamh. Cháin deirfiúr Mhéich, Airmed, thar uaigh a dhearthár. Le titim a deora, d'fhás 365 luibh óna uaigh a chuir sise in eagair, ach a scaip a n-athair éadmhar. Deirtear dá bharr nach bhfuil eolas fosta ar chumhacht leighis na luibheanna ag aon duine daonna.[3]
Bhí Dian Cecht in ann Midhir a leigheas nuair a chaill sé súil a scríobadh le cipín coill.[22]
Foinsí
cuir in eagar- McCone, Kim (1996). Towards a Relative Chronology of Ancient and Medieval Celtic Sound Change. Magh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Naomh Pádraig. ISBN 0-901519-40-5.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Reidling, Kisma (3ú Samhain 2004). "Faery-Faith Traditional Wisdom" Irish Cosmology & Faery Glamoury. AuthorHouse.
- ↑ "Leabhar Gabhála na hÉireann" (1941) IV. Baile Átha Cliath: Irish Texts Society.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "Cath Maige Tuireadh" .
- ↑ The Metrical Dindshenchas ar CELT
- ↑ A bhuí le hathruithe fuaime na teangeolaíochta i Teangacha Ceilteacha (McCone, 1996) agus anailís den fhoclóir Prótai-Ceiltise den Ollscoil na Breataine Bige agus an Indogermanisches etymologisches Wörterbuch le Julius Pokorny
- ↑ 1 cécht ar eDIL
- ↑ 1 cécht (a) ar eDIL
- ↑ Shaw, John. "Indo-European Dragon-Slayers and Healers, and the Irish account of Dian Cécht and Méiche". Curtha i gcartlann 2014-08-08 ar an Wayback Machine
- ↑ "In Dúil Bélrai - Old Irish Glossary".
- ↑ 1 cécht (b) ar eDIL
- ↑ "The Story of Airmed from Cath Maige Tuired".
- ↑ Dían Cécht ar eDIL
- ↑ 1 dían ar eDIL
- ↑ J. T. Koch, Celtic culture: a historical encyclopedia, Iml. 1-4 - lch. 586.
- ↑ 2 cécht ar eDIL
- ↑ 2 dían ar eDIL
- ↑ Loch Arbhach ar logainm.ie
- ↑ aball ar eDIL
- ↑ Folklore Society, 1893 Imleabhar 4
- ↑ 20.0 20.1 20.2 https://www.academia.edu/10246879/Indo-European_Dragon-Slayers_and_Healers_and_the_Irish_Account_of_Dian_C%C3%A9cht_and_M%C3%A9iche
- ↑ 21.0 21.1 21.2 21.3 21.4 "Celtic Myth and Legend: The Gaelic Gods" .
- ↑ Tochmharc Éadaoine.