Is cnuasach scéalta ainmeolaíochta é an Dinnseanchas (Sean-Ghaeilge Dindsenchas) i Luathlitríocht na hÉireann, a thugann cur síos ar bhunúis na logainmneacha, agus ar thraidisiúin na n-imeachtaí agus na bpearsana gaolta leo. Is foinse ar leith é an Dinnseanchas i bhfoghlaim Mhiotaseolaíocht na nGael, de bharr gníomhartha na ndaoine miotasacha agus seanscéalacha a insítear ann.

Saothair cuir in eagar

Caomhnaítear sa Dinnseanchas 176 dán (Dinnseanchas aoi), i dteannta le roinnt tráchtas agus scéalta próis (Dinnseanchas próis).

Mar chnuasach, tá an Dinnseanchas ann in dhá athleagan éagsúla. Faightear an chéad athleagan sa Leabhar Laighneach na 12ú haoise, le hiarsmaí i roinnt lámhscríbhinní eile. Tagann na dánta is luaite ón 11ú haois, curtha le chéile is amhlaidh ó fhoinsí éagsúla na gCúigí. Caomhnaítear an dara athleagan, a bheag nó a mhór, i dtrí lámhscríbhinn déag éagsúla, a thagann siar go dtí na 14ú agus 15ú haoiseanna. Faightear san athleagan seo roinnt dánta cumtha tar éis foilsiú an Leabhair Laighnigh. Scríobhadh scéalta an Dinnseanchais sna seanscéalta admháil Táin Bó Cúailnge agus Agallamh na Seanórach.

Is léir gur béaloideas é an Dinnseanchas, mar sin idir spreagadh cuimhneacháin agus siamsa is ea iad. Ní fíorstair na logainmneacha iad. Go minic, fraomhaítear an míniú ón ainm, agus ní den ainm, go háirithe más ainm níos sine ná Meán-Ghaeilge na bhfilí atá i gceist.[1] I gcásanna eile, is amhlaidh gur chum filí an Dinnseanchais logainm nua, muna raibh an t-ainm cruinn ar eolas acu.

Tugann anailís chruinn le fios go bhfuil bunús réamh-Chríostaí don chuid is mó desna scéalta. Tá go leor logainmneacha ann a bhí dearmadta i mbéil na ndaoine leis an 5ú haois, nuair a thosaigh méadú suntasach de thaifead scríofa na Gaeilge. Ar a bharr sin, tá Contae an Chláir mar chuid de Chúige Chonnacht, a thugann le fhios dáta roimh c. AD 610 agus Cath Chnoc Loinge. Tá tagairtí Chríostaithe in easnamh go formhór, chomh maith le miotais Gréag-Rómhánaigh faoi ainghníomh págánach a bhaineann leis an tionchar sin.[2]

Ba chuid thábhachtach d'oideachas na scothaicme in Éirinn ársa é eolas an cheantair máguaird.[3] Ba chuid de chleachtaí míleata é an dinnseanchas, de bharr riachtanas na tíreolaíochta don dream seo. B'eolas riachtanach chomh maith é do na filí, gur ghá bheith ar a gcumas ceisteanna faoi bh8unúis na logainmneacha a fhreagairt mar chuid dá ndualgais ghairmiúla. Mar thoradh san, is amhlaidh gur mhéadaigh an Dinnseanchas de charnadh, tiomsaithe i scoileanna mar áis oideachas tíreolaíochta.

Thiomsaigh (agus d'aistrigh go Béarla) Edward Gwynn dánta an Dinnseanchais ó Leabhar na hUidhre, an Leabhar Laighneach, an Lámhscríbhinn Rennes, Leabhar Bhaile an Mhóta, an Leabhar Mór Leacáin agus an Leabhar Buí Leacáin in The Metrical Dindshenchas, foilsithe mar chnuasach de cheithre chuid idir 1903 and 1924, le réamhrá agus innéacs foilsithe mar chúigiú cuid i 1935.

Foilseacháin cuir in eagar

  • Gwynn, Edward. "The Metrical Dindshenchas" (as Gaeilge, Béarla). Todd Lecture Series, Acadamh Ríoga na hÉireann. Hodges, Figgis & Co., Baile Átha Cliath; Williams and Norgate, Londain. 
  • Stokes, Whitley. "The Prose Tales from the Rennes Dindshenchas" (as Gaeilge, Béarla). Revue Celtique. 
    • "[Tales 1-32]" (1894) 15: 272-336. , e-téacs ar TLH
    • "[Tales 33-80]" (1894) 15: 418-484. , e-téacs ar TLH
    • "[Tales 81-130]" (1895) 16: 31-83. , e-téacs ar TLH
    • "[Tales 131-153] First Supplement, Extracts from the Book of Lecan" (1895) 16: 135-167. , e-téacs ar TLH
    • "[Tales 154-161] Second Supplement, Extracts from the Book of Leinster" (1895) 16: 269-312. , ina measc: innéacs, nótaí agus ceartúcháin
  • Stokes, Whitley (1892). "The Bodleian Dinnshenchas". Folk-Lore III: 467-516. , e-téacs ar TLH.
  • Stokes, Whitley (1893). "The Edinburgh Dinnshenchas". Folk-Lore IV: 471-497. , e-téacs ar TLH.

Úsáidí eile cuir in eagar

Bhí iris Ghaeilge agus Bhéarla darbh ainm Dinnseanchas, foilsithe ag An Cumann Logainmeacha idir 1964 agus 1975 le sé imleabhar, dírithe ar thaighde agus scoláireacht logainmneacha.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Jones Celtic Encyclopedia: Dindsenchas
  2. Westropp, T. J. (31 Már 1899). "Notes and Folklore from the Rennes Copy of the "Dindsenchas"". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 9. 
  3. Hughes, Kathleen (1972). "Early Christian Ireland: An introduction to the sources": 166–167. Ithaca: Cornell University Press. 
  4. Acmhainní logainmníochta, ar logainm.ie