I Miotaseolaíocht na nGael, ba cheannaire na Fomhóraigh é Conann (Sean-Ghaeilge Conand, Conaing[1]) a bhí cónaí air i dtúr ar Oileán Thoraí. Chuir sé muintir Neimhidh faoi chois, ag éileamh cáin ollmhór dá dtorthaí agus dá bpáistí. I ndeireadh na dála, d'éirigh muintir Neimhidh amach agus mharaigh siad é agus scrios a thúr. Tar éis a bháis, rinne Morc, Fomhórach eile, sléacht ar mhuintir Neimhidh a bhí fós beo.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarConand
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. MacKillop, James (2004). "A Dictionary of Celtic Mythology, Conand, Conann, Connan…". Oxford University Press. Dáta rochtana: 2013-03-19. 
  2. de Jubainville, Henry Arbois (1903). "The Irish Mythological Cycle and Celtic Mythology". Hodges and Figgis.