Conmhaicne
Dream in Éirinn ná meánaoise ab ea an Conmhaicne, b'fhéidir gaolta leis na Laigin, a lonnaigh i gcúige Chonnacht agus i gContae an Longfoirt. Ní chreidtear go forleathan anois moladh T. F. O'Rahilly gur Ghaeil iad.[1]
Sanasaíocht
cuir in eagarIs éard atá san ainm Conmhaicne ná Cú/Con-mac-ne.[2][3]
Dúradh go raibh an t-ainm fréamhaithe ó shinsear miotasach, Conmac, de shliocht Fhearghasa mhic Róigh agus Méabha na gConnachta. Dúirt Breathnach ámh gur bréagstair é seo.[4]
Clanna
cuir in eagarLonnaigh clanna Conmhaicne i láithreacha éagsúla:
Conmaicne na Gaillimhe
cuir in eagar- Conmhaicne Mara, iarthair Chontae na Gaillimhe, litrithe Conamara inniu.
- Conmhaicne Dhún Mhór (Conmaícne Dúna Móir) nó Conmaicne Cenél Dubáin, ag Dún Mór.
- Conmhaicne Mheáin (Conmhaicne Mheánmhaighe nó Conmaicne Máenmaige), Baile Locha Riach.
Conmhaicne Mhaigh Eo
cuir in eagar- Conmhaicne Coille, Cill Mheáin, Contae Mhaigh Eo
- Conmhaicne Ceara, Ceara
- Conmhaicne Mhic Oirbsean Mhóir (Conmaicne Meic Oirbsen Máir), gar do Loch Coirib/Oirbsean
Conmhaicne Ros Comáin
cuir in eagar- Conmhaicne Shliabh Formhaile (Conmhaícne Sléibe Formaile), gar do Bhaile an Locha, iarthair Chontae Ros Comáin.
Conmhaicne Réin
cuir in eagar- Conmhaicne Réin (Conmaícne Réin) (Bréifne), deisceart Chontae Liatroma agus i gContae an Longfoirt isteach.
- Conmhaícne Maigh Rein, Maothail, Barúntacht an lae inniu.
- Cluain Conmhaícne, An Chluain, sa bharúntachtaoí Carraig Álainn agus Maothail.
- Conmhaícne Cenel Luacháin, paróistí Uachtar Achaidh agus Droim Oiríolaigh i gCarraig Álainn
- Conmaicne Maigh Nissi, taobh leis an Sionainn, barúntacht Liatroma.
- Conmhaicne Anaíle (Conmhaicne Anghaile), An Anaíle/Anghaile, An Longfort.
Deoise Ardach
cuir in eagarBunaíodh Deoise Ardach in oirthear Chonnacht sa bhliain 1111. Ceithre bliana déag níos deireanaí ag Sionad Cheannanis-na Mainistreach Móire, laghdaíodh a limistéar go críocha Chonmhaicne Réin agus Conmhaicne Anghaile.[5] Thugtaí go forleathan "Deoise Chonmhaicne" uirthi.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Nollaig Ó Muraíle, Some Connacht Population-Groups, in Seanchas:Studies in Early and Medieval Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne, ll. 176–76, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2000
- Paul Mac Cotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 134–135. ISBN 978-1-84682-098-4
- MacKillop, James (2004). "Conmaicne. Oxford Reference.". Oxford University Press.
- Walsh, Paul (1940). "Connacht in the Book of Rights". Journal of the Galway Archaeological and Historical Society XIX, Nos. i & ii, 19 (1/2): 1–15. Galway Archaeological & Historical Society. JSTOR 25535199.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ MacKillop 2004.
- ↑ Conamara ar logainm.ie
- ↑ -ne, Irish Clan Names, O'Hart, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- ↑ Walsh 1940, p. 6.
- ↑ P Galloway, The Cathedrals of Ireland, Belfast, 1992
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |