Dream agus tuath ársa suite in iarthar Chontae na Gaillimhe ba ea Conmhaicne Mara (nó Conmaicne Mara).

Bunús cuir in eagar

Gaolta b'fhéidir leis na Laigin ba ea na Conmhaicne, a scaip ar fud na tíre, ag lonnú i gcúige Chonnacht agus an Longfort. [1][2] I measc ghéaga Chonmhaicne eile i nGaillimh mhí san áireamh Conmhaicne Dhúin Mhóir agus Conmhaicne Coille

Críocha cuir in eagar

As Conmhaicne Mara cruthaíodh an bharúntacht Bhaile na hInse agus paróiste dlí Inis Bó Finne, atá suite i mbarúntacht Mhuirisce. Tá ann sna críocha na paróistí dlí Baile na Cille, Baile an Dúna, Maigh Iorrais, Iomaidh Fheicín agus Inis Bó Finne.[3]

 
Luath dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn, c. 800

Glaoitear Iar Chonnacht anois ar thailte Chonamara, .i., an Ghaillimh taobh thiar de Loch Coirib agus cuid bheag de Mhaigh Eo. Tá paróiste Cill Chonaicne taobh thiar de Bhaile Locha Riach.

Stair cuir in eagar

Clann Uí Chaollaí ba ea taoisigh Chonmaicne Mara, clanna Mhic Chonghaile (an chlann is sine), Uí Dhubhánaigh agus O’Cloherty ina gcadet leo, agus Uí Fhallúin a mbreithimh oidhreachta. D'athlonnaigh clann Uí Chaollaí chuig Uí Oirbsean, ach cuireadh faoi bhrú arís iad roinnt blianta ina dhiaidh sin. D'fhág clann Mhic Chonghaile ar leithinis Bhaile Conaola, agus tháinig Uí Fhlaithbheartaigh mar chomharsana orthu.

Sa tuairisc ar fiosrú cúirte sa bhliain 1607, feictear cinn na fine sa bharúntacht, Baile na hInse mar a leanas: Ó Fhlaitheartaigh as Bun Abhann, Mac Conraoi, Mac Conchúir, Mac Donnchadha, Ó Dubháin, Ó Laoi agus Mac Conghaile.[4]

Tagairtí annál cuir in eagar

  • AI 1016.6: Ár n-Arne diaro marbad h-Ua Lochlaind, rígdamna Corcu Mruad, h-i Purt Chiarain i n-Áraind, .i. Conmacne rod marb.
  • AI 1016.8: Bás Muirethaich m. Cadlai, rí Conmacne Mara.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Teimpléad:Cite AFM
  • MacKillop, James (2004). "Conmaicne. Oxford Reference.". A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press.
  • A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught written A.D. 1684 by Roderic O'Flaherty ESQ with notes and Illustrations by, James Hardiman M.R.I.A., Irish Archaeological Society, 1846.
  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008. ISBN 978-1-84682-098-4

Tagairtí cuir in eagar

  1. MacKillop 2004.
  2. AFM, p. 417.
  3. Hardiman 1846, p. 365.
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".