I miotaseolaíocht na gCeilteach,dia leighis a d'adhrtaí sa Bhreatain ársa is ea *Nodens*Nodons (athchruthaithe ón tuiseal tabharthach NodentiNodonti). Cé nach bhfuil ar marthain dó aon léiriú fisiciúil ar bith, is léir ó inscríbhinní móideacha le feiceáil ag Lydney Park (Gloucester) go raibh naisc aige le cúnna, ainmhí leighis sa seansaol. Ní fheictear é ach i suíomh abhainn eile, .i. Cockersand Moss (Lancashire).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarNodens

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia uisce Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
ComhionannNuadha Cuir in eagar ar Wikidata

Is ionann é sna hinscríbhinní agus Mars (mar cneasaí in ionad gaiscíoch) agus lSilvanus (dia seilge) na Róimhe .[1] Tá a ainm gaolmhar le pearsana Ceilteacha níos deireanaí eile, amhail is Nuada na nGael agus Nudd na Breataine Bige.[2][3][4][3]

Litríocht an lae inniu cuir in eagar

Rinne an fileolaí agus úrscéalaí J. R. R. Tolkien taighde ar na hinscríbhinní maidir le Nodens, agus tá a dtionchar ar a scríbhneoireacht tugtha faoi ndeara ag scoláirí, san áireamh gabha na Síofraí agus déantóir na bhFáinní Cumhachta, Celebrimbor, ainm le brí Airgeadlámh.

Feictear Nodens fosta sa Cthulhu Mythos le H. P. Lovecraft.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Aldhouse-Green 2008, pp. 208–210.
  2. Carey 1984, pp. 2–3.
  3. 3.0 3.1 MacKillop (2004), s.v. Nodons, Nudd agus Nuadu Airgetlám.
  4. Matasović 2009, p. 350.