Scéal áirithe Gaelach maidir le laoch ar turas go hAlltar (mar shampla Tír na nÓg, Mag Mell) is ea iomramh (Sean-Ghaeilge immram). Scríofa sa luath-ré Chríostaí agus tá siad ar bun Chríostaí ó thaobh ábhar de, ach faightear ann in ainneoin sin ábhair pháganacha.

Brendan ag fionnadh na nOileán Faró agus na hÍoslainne, Leathán stampa FR 252–253 den Postverk Føroya. Foilsithe: 18 Aibreán 1994. Ealaíontóir: Colin Harrison

Bunúis cuir in eagar

Faightear Iomramha chomh luath is an 7ú haois, scríofa ag manaigh agus scoláirí, a theith as an Eoraip roimh ionróirí barbaracha den 5ú haois. Meastar go bhfuil mar bhunús iontu trí fhoinse a bhí ann cheana: miotais Ghaelacha, genre Críostaí, agus Scéalta Clasaiceacha.

Rinne Heinrich Zimmerman, ar dhuine desna chéad Cheiltígh, iarracht Iomramha a nascadh leis an Aeinéid agus an Odaisé. Rinne sé comparáid idir na mná síoraí a bhronn neamhbhásmhaireacht ar a leannáin, agus na caoirigh mhóra ar oileáin.[1] Bréagnaíodh ámh na samhlacha seo ag William Flint Thrall.[2]

Is fíorGhaelach é an t-alltar in Iomramh Bhrain. Tá ggg, the concept of the Irish alltar and Christian párthas, though closely related, differ in their treatment of peaca agus gnéas. Mar shampla, cuireann an t-alt le fear agus bean ag súgradh gan locht faoi thom [3] in iúl an iarracht Chríostaí um párthas gan pheaca gan ghnéas a chruthú.

Ghlac na hIomramha tréithe ó genres Críostaí amhail is an naomhsheanchas, an oilithreacht, agus na scéalta físe.[4] Chomh luath is an 5ú haois, rachadh manaigh Éireannacha ar oilithreacht, ag seoladh ó inis go hinis chun machnamh a dhéanamh agus a gcuid peacaí a ghlanadh.[4] Tionchar Críostaí eile ba ea é b'fhéidir gur ligeadh daoine le sruth faoi bhreithiúnas Dé as ucht a gcoireanna.[5] Is í b'fhéidir an fhianaise is tábhachtaí gur saothair Chríostaí iad na hIomramha ná gur sagairt, manaigh agus siúracha ar fánach, nó ar a laghad gaolta leo, iad de ghnáth pearsana na scéalta.

I dteannta lena dtábhacht mhiotasach agus liteartha, moladh é ag roinnt scoláirí gur leaganacha áibhéalach de thurais stairiúla iad na hIomramha. Is léir go ndeachaigh na luath-Éireannacha, go háirithe na manaigh, ar turais fhada, ag dul go dtí Inse Orc, Sealtainn, agus na Scigirí faoi luathdháta, agus fiú an Íoslainn. Deirtear go bhfuil gaol idir roinnt rudaí agus áiteanna luaite sna hIomramha agus fior-rudaí agus fíor-oileáin. Mar shampla, moladh é gur chnoc oighir é gallán criostail Bhreandáin.[6]

Saintréithe cuir in eagar

Tá saintréithe ar leith sna hiomramha chun iad a aithint:

  • laoch ar turas ar son eachtra, nó chun a chinniúint a shásamh
  • cuardach an alltair, suite ar oileán i bhfad i gcéin thiar ó Éirinn
  • teacht i dtír ar oileáin neamhshaolta eile sula sroicheann an ceann scríbe
  • tharlódh gurbh féidir nó nárbh fhéidir leis filleadh abhaile.

D'fhéadfadh na hiomramha bheith measctha le genre Gaelach den chineál céanna, an Eachtra.

Eachtra Iomhramh

Turas ar lorg alltair (trí na sidhe, tír na ndéithe, útóipe, na flaithis)

págánach Chríostaí[7]
7ú haois 8ú haois [1]
áit amháin; d'fhéadfadh teacht gan trácht ar an turas féin go leor eachtraí ar go leor oileáin[7]
tuiscint de na déithe agus a dtíortha a fheabhsú tugann ábhair phágánacha dúshlán do chreideamh an laoich

Achoimre cuir in eagar

Tagann go minic spéirbhean an alltair chuig an laoch agus canann sí dó faoin tír alainn úd. Tairgeann sí scaití úll dó, nó geallann sí grá mar mhalairt air a chuid cabhrach i gcath. Leanann sé í, agus téann siad ar turas thar lear le chéile agus ní fheictear iad níos mó. Téann sias i mád gloine, i gcarbad, sin nó ar chapall (bean de ghnáth, mar shampla an bandia Niamh Chinn Óir). Uaireanta, tagann an laoch ar ais tar éis tamaill ghear, dar leis, ach a dtagann ar an eolas go bhfuil a chomhrádaí go léir marbh agus go raibh sé le fírinne thar lear ar feadh na gcianta.

I leaganacha eile scaití, téann an laoch ar iomramh, agus titeann ceo draíochta ar a mhullach air. Tharlódh go dtiocfadh sé os comhair páláis ait agus rachadh sé isteach chun gaiscígh nó spéirmhná a chuireann fáilte roimhe. Fand bandia ab ea an bhean, Manannán mac LirLugh ab ea an gaiscíoch, agus tharlódh go dtiocfadh an laoch abhaile tar éis eachtraí iasachta. Más fíor fiú, ámh, ní mar a bhí is atá, tar éis bheith san alltar.[8]

Scéalta cuir in eagar

Bhí seacht scéal iomhraimh ann sa liosta oifigiúil faighte sna seantéacsanna. Dóibh siúd níl chaomhnaithe ach a trí:

Faightear an scéal Immram Brain san áireamh i seanliostaí na n-eachtraí, cé go bhfuil buntréithe an iomraimh aige.[9] Sa scéal níos deireanaí as Laidin, Voyage of St. Brendan, faightear turas thar muir go hoileáin neamhshaolta.

Tionchar cuir in eagar

Liteartha cuir in eagar

Eile cuir in eagar

Spreagtha ag Navigatio Sancti Brendani Abbatis, chuaigh Tim Severin ar turas le feidhm teicneolaíocht na 5ú haoise, chun a chur in iúl gurbh fhéidir leis na nGael taisteal chomh fada leis an Meirceá Thuaidh.[11]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Thrall 1917.
  2. Wooding 2000b, Introduction.
  3. Mac Cana 2000.
  4. 4.0 4.1 Moylan 2007.
  5. Byrne 1932.
  6. Wooding 2000.
  7. 7.0 7.1 Dumville 1976.
  8. cf. MacKillop
  9. Wooding 2000b, Réamhrá.
  10. Duriex, Colin (2015). "Bedeviled: Lewis, Tolkien and the Shadow of Evil". 
  11. "Legends of The Isles: Brendan The Navigator (Documentary)".