San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, bean chéile Oisín mac Fionn ab ea Niamh (Sean-Ghaeilge Niam) Chinn Óir.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarNiamh Chinn Óir
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinOisín Mac Fhinn Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíOscar mac Oisín agus Plúr na mBan Cuir in eagar ar Wikidata
Oisín agus Niamh ar a slí go Tír na nÓg, léaráid le Albert Herter, 1899

Sa leagan meánaoiseach dá scéal, duine daonna, banphrionsa na Mumhan ab ea Niamh, a d'éalaigh le hOisín go hUlaidh, ach chuir sí lámh ina bás féin nuair a tháinig arm a hathar ar a tóir. Sa leagan nua-aimseartha bhíos aithnidiúla, bean an alltair ab ea Niamh, a thug Oisín chun maireachtáil léi i dTír na nÓg.

Tháinig Niamh thar lear aniar ar each bán, agus bhuail sí leis na Fianna i mbun seilg fia gar do Loch Léin (Contae Chiarraí).[1]

Chuir sí í féin in aithne dóibh mar Niamh Chinn Óir, iníon rí Thír na nÓg,[4][5] agus nocht sí a grá d'Oisín mac Fionn. Shocraigh sí é a thógaint léi go Tír na nÓg, agus rinne sí cur síos ar a buanna.[6] Ghéill Oisín, tite cheana féin i ngrá, agus d'imigh leo beirt le chéile ar an each bán.

Ar an turas leo, chonaic siad fathach mór, Fomhor Builleach Droime Lóghach, ar tóir go foréigneach bruinneall Thír na mBeo.[7] Chuireadar timpeall orthu chun dul go Tír na mBan, áit a throid Oisín ar son na bruinnille agus mharaigh sé an fathach.[8]

Shroich Niamh agus Oisín Tír na nÓg, bhuaileadar leis an rí agus an banríon, agus phós siad a chéile. Bhí triúr páistí acu, beirt mhac, Oscar agus Fionn, agus iníon, Plúr na mBan.

Tar éis dó 300 bliain nó níos mó a chaitheamh ann, tháinig cumha ar Oisín agus dúirt gur mhian leis a athair agus na Fianna thall in Éirinn a fheiceáil arís.[9] I roinnt athleaganacha, insítear nach raibh na 300 bliana ach 3 bliana dar leis.[10] Ghlac Niamh go doicheallach, ag súil le drochscéala, go dtabharfadh sé cuairt abhaile ar an each bán. Chuir sí geis air gan lámh a leagan ar chré na tíre. Dúirt sí leis go mbeadh turas in aisce roimhe, óir go raibh na Fianna imithe le fada an lá, agus go raibh an Críostaíocht i réim sa tír.

D'fhill Oisín ar Éirinn, agus chuardaigh sé na Fianna ach ní raibh gar leis. Ag Gleann na Smólach, iarradh ar Oisín cabhair a thabhairt chun leac mharmair a ardaigh. Lena neart osnádúrtha, bhog Oisín an leac, ach bhris surcingle an chapaill san iarracht. Thit sé chun talaimh, agus d'éirigh sé ina sheanfhear fann dall. Theith an capall ar ais go Tír na nÓg.[11]

Leagan meánaoiseach

cuir in eagar

Sa téacs is sine, le fáil in Agallamh na Seanórach, d'éalaigh Niamh iníon Aonghasa Thírigh, rí na Mumhan, le hOisín go dtí an Ulaidh. Bhí siad san ach ar feadh sé tseachtain, nuair a tháinig a athair ar an bhfód ar a tóir.[12] Chor sí lámh ina bás féin dá bharr, i dteannta le tríocha ban, ag cur a haghaidh faoi thalamh. D'ainmníodh an áit Tobar na Bantrachta (Sean-Ghaeilge tipra[13]) astu, áit a deirtear atá ar bhruach Loch an Daimh Dheirg. [n 1][14][15]

Leagan nua-aimseartha

cuir in eagar

Is é an dán Laoi[ḋ] Oisín A[i]r Ṫír Na N-Óg, cumtha thart ar 1750 agus luaite le Mícheál Coimín (1676–1760), an t-aon téacs amháin a dhéanann trácht ar eachtra Oisín san alltar.[n 2][17][18] D'fhéadfadh é gur bunaíodh an dán ar saothair nach maireann,[17][19] nó b'fhéidir gur chum an file an chuid is mó den scéal, bunaithe ar nodanna loma faoi eachtraí Oisin agus Caoillte sna sidhe, mar atá le fáil in Agallamh na Seanórach.[lower-alpha 1][20] Moladh fiú gur ghlac an file chuige féin foinsí nárbh gá bheith Gaelach, óir go raibh scéalta eachtrannacha mar a leithéid líonmhar agus forleathan ag an am.[21]

Is léir go bhfuil scéal a imithe go Tír na nÓg ar cheann de roinnt dá leithéid chun a mhíniú cén fáth nár maraíodh Oisín sa Chath Gabhra inar scriosadh na Fianna, agus conas a mhair sé chun a scéal a insint na céadta ina dhiaidh.[17][22]

  1. Deir Mackillop gur iníon Áed Donn na nUladh ab ea Niamh.[12] Aithníonn sé go go míchruinn ámh go ndeachaigh Oisín i mbun comhraic ar a son. In Agallamh na Seanórach, ba é Oscar ab té a chuaigh.Teimpléad:Sfnp
  2. Teimpléad:Illm is critical that Teimpléad:Harvp is oblivious to other pieces of literature that allude to Niamh, but Ó hÓgáin does not specify which works he meant.[16]
  1. Teimpléad:Harvp; Teimpléad:Harvp, Str. 1–12
  2. editor-O'Kearney, editor-Nicholas (1854). "The Battle of Gabhra" 1: 20–21. Ossianic Society. 
  3. Ó Briain, Máirtín (1999). "'Laoi Cholainn gan Cheann' Oisín's Headless Bride in Gaelic Tradition". Tuckwell Press. 
  4. agus ainm an rí ná "Cailce"[2]; seo míléamh de "inghean chailce Ríogh na nÓg" in Str. 15.[3]
  5. Teimpléad:Harvp; Teimpléad:Harvp, Str. 15
  6. Teimpléad:Harvp; Teimpléad:Harvp, Str. 17–36
  7. Teimpléad:Harvp; Teimpléad:Harvp, Str. 37–55
  8. Teimpléad:Harvp; Teimpléad:Harvp, Str. 58–79
  9. Teimpléad:Harvp; Teimpléad:Harvp, Str. 80–104
  10. Joyce, P. W. (1894), "Oisin in Tirnanoge", Old Celtic Romances, pp. 386–399
  11. Teimpléad:Harvp; Teimpléad:Harvp, Str. 105–151
  12. 12.0 12.1 Mackillop, James (1998). "Niam (3)". Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press. p. 346. ISBN 0192801201.
  13. tipra ar eDIL
  14. Harmon, Maurice (2009). "The Dialogue of the Ancients of Ireland: A New Translation of Acallam na Senórach": 74–75. Baile Átha Cliath: Carysfort Press. 
  15. O'Grady, Standish (1892). "XII. Colloquy with the Ancients": 176–178. Londain agus Dún Éadain: Williams and Norgate. 
  16. Ó hÓgáin, Dáithí (1988). "Celtic Myth in English Literature". Béaloideas 56. JSTOR 20522280. “will bear the brunt of these objections.. As examples.. that the name Niamh is not associated with Oisin outside of Micheál Coimín's poem (p. 32)”  (Review of Fionn Mac Cumhaill: Celtic Myth in English Literature by James MacKillop)
  17. 17.0 17.1 17.2 Mackillop, James (1986). "Fionn Mac Cumhaill: Celtic Myth in English Literature". Syracuse University Press. 
  18. Rolleston, T. W. (1911), Myths & Legends of the Celtic Race, Constable, p. 276
  19. Shaw, John (1999), "The Loathly Lady among the Fein and her North Atlantic Travels", Islanders and water-dwellers: proceedings of the Celtic-Nordic-Baltic Folklore symposium held at University College Dublin, 16–19 June 1996, DBA Publications Ltd., p. 309
  20. Bruford, Alan (1987). "Oral and Literary Fenian Tales". Béaloideas 54/55. “Unlike [Gerard] Murphy, I am prepared to believe that Cuimin first simplified the Agallamh's vague account of Oisin and Caoilte spending unspecified numbers of years in various fairy hills in Ireland into a visit to an overseas otherworld.”  (JSTOR)
  21. Ó Duilearga, Seamus (1942). "Irish Stories and Storytellers: Some Reflections and Memories". Studies: An Irish Quarterly Review 31. Irish Province of the Society of Jesus. JSTOR 30098022. “they may be loans from an oral Gaelic source or loans from outside..Oisin i dTir na n-Óg.. poem is based on a folk-tale of which there are many versions.. [possibly Irish but] the tale is known in countries as far removed as Corsica and Russia.” 
  22. Teimpléad:Harvp: "explanation of Oisin's longevity".



Earráid leis an lua: <ref> tags exist for a group named "lower-alpha", but no corresponding <references group="lower-alpha"/> tag was found