Anatole France

scríbhneoir Francach

Scríbhneoir Francach ab ea Anatole France (1844 - 1924), nó François Anatole Thibault mar atá a ainm scríte ar a theastas baiste.

Anatole France
Anatole France young years.jpg
seat 38 of the Académie française (en) Aistrigh

Eanáir 23, 1896 - Deireadh Fómhair 12, 1924
Ferdinand Marie Lesseps - Paul Valéry (en) Aistrigh
Uachtarán (teideal corparáideach)

1921 - 1924 - Paul Valéry (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánJacques François-Anatole Thibault
Eolas breithePáras, 16 Aibreán 1844, 1844
NáisiúntachtFrainc
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Básmanoir de la Béchellerie (fr) Aistrigh, 12 Deireadh Fómhair 1924, 1924
Áit adhlacthaNeuilly-sur-Seine Old Communal Cemetery (en) Aistrigh
Muintir
Céile/CéilíValérie Guérin de Sauville (en) Aistrigh
Emma Laprévotte (en) Aistrigh
Páirtí/PáirtitheLéontine Lippmann (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materCollège Stanislas de Paris
Teangachaan Fhraincis
Gairm
Gairmscríbhneoir, file, úrscéalaí, leabharlannaí, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir próis, beathaisnéisí agus léirmheastóir
Áit oibrePáras
Saothar iomráiteachThaïs
Les dieux ont soif
Duaiseanna
Duais Nobel sa Litríocht  (1921)
Montyon Prizes  (1882)
Vitet Prize  (1889)
enllaç= Officer of the Legion of Honour  (Iúil 16, 1895)
enllaç= Ridire den Légion d'Honneur  (Nollaig 31, 1884)
Ainmníodh é/í le haghaidh
BallraíochtAcadémie française
Human Rights League (en) Aistrigh
PEN Club français (en) Aistrigh
Gluaiseachtsaorintinn
SloinnteAnatole France agus Anatolis Fransas
Gluaiseacht ealaíneúrscéal
IMDbnm0289787
Discogs ID2970592
Signature Anatole France.gif
Síniú Anatole France

Do rugadh é ar an 16ú lá d'Aibreán i bPáras na Fraince agus do fuair sé bás ar an 12ú lá de Dheireadh Fómhair i Saint-Cyr-sur-Loire, común atá suite gar do Thours na Fraince. Deirtear gurbh eisean duine desna scríbhneoirí ab fhearr agus is tábhachtaí a bhídís ag obair le linn na Troisième République (Gaeilge: 'An Tríú Poblacht'), mar a thugtar ar thréimhse staire na Fraince idir 1870 agus 1940.

Do chum Anatole France cuimse saothar - léirmheastóireacht liteartha, aistí, drámaí, úrscéalta, gearrscéalta agus dánta ina measc. Is iad na húrscéalta Le Crime de Sylvestre Bonnard, membre de l'Institut (1881), L’Île des Pingouins (1908), Les Dieux ont soif (1912) agus an leabhar dírbheathaisnéiseach Le Livre de mon ami (1885) cúpla ceann desna saothair dá chuid. Do moladh Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1921 mar aitheantas ar a shaothar iomlán.