Is é is cnoc oighir ann ná mais mhór oighir ag snámh ar an bhfarraige tar éis briseadh ó oighearshruth nó scairbh oighir. Imíonn sé gan treo le blianta thar na céadta ciliméadar roimh leá sa bhfarraige. De bhrí nach mbíonn ach codán beag os cionn an uisce, is baol do loingeas é, san Atlantach thuaidh go háirithe mar a dtosaíonn siad go minic sa Ghraonlainn. Bíonn na cnoic oighir san Antartach tablach ollmhór 10-100 km2 i bhfairsinge.[1]

Cnoc oighir

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cnoc oighir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 151.