Echtra
Is scéal ar leith i liteartha réamhChríostaíocht na Sean-Ghaeilge é Eachtra (Sean-Ghaeilge Echtra), de ghnáth faoi thuras gaiscíoch san alltar, nó le neach an saol eile.
Achoimre agus sanasaíochtCuir in Eagar
I litríocht na Gaeilge, is scéalta turas go dtí Alltar iad Echtraí agus Iomraimh. Is págánach iad na hEachtraí, agus Críostaí na hIomraimh,[1][2] cé go mbíonn ábhair mhiotaseolaíochta iontu siúd. San Iomraimh, is ar mhuir a bhíonn an turas de ghnáth.[3]
I gcás scéal amháin, Immram Brain maic Febail, tá trasnaíl eachtra agus iomraimh ann.[1] In ainneoin an teidil, meastar gur Eachtra is ea é. D'fhéadfadh é gur ainmníodh an scéal de dheasca iomrall aithne nó cónaidhmniú idir Bran agus Naomh Breandán.[2]
Is turas é brí leis an bhfocal echtra go litriúil, as Sean-Ghaeilge chomh maith,[1]), agus is gaol le focal na Laidine, extra é.[4] Ar eDIL, mínítear bríonna breise don fhocal, ina measc "scéal" agus "stair".
SainmhíniúCuir in Eagar
Cé go bhfaightear in Eachtraí turais chuig alltar, ní hionann an ceann scríbe, nó an turas féin fiú - turas ar muir in Echtrae Conli; turas faoi loch in Echtrae Laegairi; turas isteach i Sidhe in Eachtra Neara.[1] Mar mhalairt air sin, d'fhéadfadh caidreamh le daonra an tsaoil eile a bheith i gceist sa scéal: in Eachtra Neara, i mbun Samhna, feiceann an laoch Neara físeanna tairngeartacha i láthair fir crochta;[3] in Echtra Mac nEchach Muid-medóin, bhain an laoch Níall ríocht na hÉireann amach á phógadh cailleach ag cosaint tobair.[3]
SaothairCuir in Eagar
Liostaí tiomsaithe ó Dumville (1976) agus Duignan (2010):
- Echtra Condla (nó Echtrae Chonnlai)
- Echtrae Cormaic maic Airt i Tir Tairngiri
- Echtra Fergusa maic Léti
- Echtrae Laegairi maic Crimthann
- Echtra Nera (afm Táin Bó Aingen)
- Ectra Airt maic Cuinn
- Echtrae mac nEchach Mugmedoin
- Scéalta gan Echtra sa teideal, ach a mheastar gur den genre iad
- Baile in Scáil
- The Five Lugaids
- Tochmarc Emire
- Serglige Con Culainn
- Siaburcharpat Con Culaind
- Immram Brain
- Scéalta caillte
- Echtrae Con Culainn
- Echtrae Chrimthaind Nia Nair
- Echtrae Fiamain
- Echtrae Con Roi
- Echtrae Chonaill
- Echtrae Chonchobair
- Echtrae Machae ingine Aeda Ruaid
- Echtrae Nechtain maic Alfroinn
- Echtrae Ailchm d maic Amalgaid
- Echtrae Find i nDerc Ferna
- Echtrae Aedain maic Gabrain
- Echtrae Mael Uma maic Baitain
- Echtrae Mongain maic Fiachna
- Echtrae Oengusae maic Fergusa Finn
- Echtrae Chuinn Chetchathaig
- Echtrae Muirquertoig maic hErco
Téann an laoch Cú Chulainn ar cuairt go dtí an t-alltar, i scéalta amhail is:
FoinsíCuir in Eagar
- MacKillop, James (1998). "Dictionary of Celtic Mythology". Oxford.
- Dumville, David N. (1976). "Echtrae and Immram: Some Problems of Definition". Ériu 27: 73–94. Acadamh Ríoga na hÉireann.
- Duignan, Leonie (2010). "The Echtrae as an Early Irish Literatary Genre". NUI Maynooth.