Immram curaig Ua Corra
Ar cheann de thrí Immram, scéalta aistear mara, atá fós ar marthain is ea Iomramh Currach Uí Chorra (Sean-Ghaeilge Immram curaig húa Corra). Caomhnaítear an scéal i dtrí lámhscríbhinn, iad uile sa leabharlann in Acadamh Ríoga na hÉireann.[1]
Scéal
cuir in eagarBhí triúr mac ag Connall ó Corra, as Connachta, a bhí margadh déanta aige leis an diabhal sular rugadh iad.[2] D'fhás na deartháireacha suas agus d'éirigh ina gceannairí ar bhuíon mhíchlúiteach a dhírigh ar shéipéil an cheantair, go dtí go bhfacadar fís agus rinneadar aithrí. Chuadar triúr chuig mainistir Naomh Finnian Chluain Ioraird, a dúirt leo gach cill a scriosadar a athchóiriú.
Mar ghníomh deireanach dóláis, spreagtha ag Naomh Comán Chinn Mhara, coimeádaí na cille deireanaí cóirithe acu, d'imigh leo triúr ar turas mara i gcurach ar Aigéan Atlantach, i dteannta le cúigear eile (easpag, sagart, deagánach, ceoltóir agus a tréadaí a thóg an curach).
Agus iad ag triall ar muir, ag tabhairt sciuirdé ar oileán i ndiaidh oileáin, bhuail siad le fíní éagsúla agus tharla eachtraí draíochta dóibh (inste mar fáthscéalta Críostaí). Shroich siad faoi dheireadh Leithinis na hIbéire, áit a shocraigh siad síos agus thóg siad cill.
Tar éis tamaill, d'imigh an t-easpag leis chuig an Róimh, i dteannta le hógánach amháin. Chuadar beirt ansin ar ais go hÉirinn agus d'inis scéal a chuid eachtraí, a scríobhadh síos i bhfoirm dáin.
Naisc thraschultúrtha
cuir in eagarD'fhéadfadh go bhfuil gaol leis an immram seo agus scéal Andalúiseach de chuid na 12ú haoise inste ag al-Idrisi, maidir le hochtar Maghurin (fánaithe) as Liospóin, a théann ar turas mara agus a shroicheann oileáin draíochta.[3] B'fhéidir go bhfuil gaol idir turais mara na n-iomhramha agus seanscéalta Lochlannacha.[4]
Is féidir Immram curaig Ua Corra a chur i gcomparáid le sliocht as an Rāma-ayana.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Achoimre ar "Imramh Ua Corra", in Eoghan Ó Comhraí (1861), Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, delivered at the Catholic University of Ireland, during the sessions of 1855 and 1856. Baile Átha Cliath: Duffy. lch. 289).
- Alt inchomórtais sa Rāma-ayana
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ A. J. Fletcher, Drama and the Performing Arts in Pre-Cromwellian Ireland, D. S. Brewer, Cambridge, 2001.
- ↑ O'Curry (1861), ll. 289ff).
- ↑ Beazley (1906) The Dawn of Modern Geography. Londain. Iml. 3, lch. 532).
- ↑ Fridtjof Nansen (1911) In Northern Mists; Arctic exploration in early times. Nua-Eabhrac York: F.A. Stokes. iml. 1, iml. 2