Sa Rúraíocht, is reamhscéal den Táin Bó Cuailnge é Deoraíocht mhic Uisleann (Sean-Ghaeilge Loinges[1] mac nUislenn), den 9ú haois. Caomhnaítear é sa Leabhar Laighneach, sa Leabhar Buidhe Leacáin agus lámhscríbhinn amháin den luath-16ú haois.

Scéal cuir in eagar

Thug an scéalaí ríoga, Fedlimid mac Daill, cuireadh don seanrí Conchúr mac Neasa agus a fhreastalaithe chuig féasta ina thighse. Gan choinne, lig an leanbh i mbroinn a mhná chéile scread chomh glórach as, gur chuala cách é. D'fhiafraigh an bhean shuaite den draoi Cathbhadh céard ba bhrí leis na screada, agus d'fhreagair sé:[2]

Sean-Ghaeilge Nua-Ghaeilge[3]

fot chriol[a 1] bronn
bé fuilt buidi
ségdaib[a 2] súilib
sían[a 3] a grúade
fri dath snechtai
sét a détgne
níamdae a béoil
bé dia-mbiat
eter Ulad

bécestar
buide-chass
sell-glassaib.
gorm-chorcrai.
samlamar
diamin.
partuing-deirg:
il-ardbe[a 4]
erredaib[a 5]

As gabhdán broinne, béiceann
bean fhoilt bhuí, buí-chas[a 6]
le súile lácha, seall-ghlasa[a 7]
lus mór a grua, gorm-chorcra
le dath sneachta, samhlaímid
séad a déad, gan locht
niamhrach a beola, lasair-dhearg
bean dá mbíos iolmharuithe
idir Ulaid, le húim

Nótaí aistriúcháin

  1. criöl, mála, soitheach, cisteog, ar eDIL
  2. ségda (b), lách, min, glan, dea-chumtha, ar eDIL
  3. 1 sían, lus mór, ar eDIL
  4. airdbe, gearradh, marú, ar eDIL
  5. 1 errad, úim, ar eDIL
  6. catach
  7. inteachán
 
Deirdres Flucht mit den Söhnen Uislius

Bhraith Cathbhadh fíoch an linbh i mbroinn a máthar agus thug sé an t-ainm Deirdre[4] di dá bharr. In ainneoin achainíocha na nUladh go mbáfaí an leanbh ar an dtoirt, chuir Conchúr bean chéile Fheidhlimí chuig fearann iargúlta, agus thug sé amach ar altramas í leis an seanbhean Leabharcham. Bhí sé ar intinn aige Deirdre a phósadh agus í tagtha in aois.

Le cabhair ó Leabharcham, chas Deirdre ar Naoise, mac Uisleann agus Ealbha agus garmhac Cathbhaidh, gaiscíoch agus amhránaí óg, agus thit sí i ngrá leis. Faoi bhagairt Gláimhe Díchinn chuir sí iachall air éalú léi. Theith an bheirt acu i dteannta le beirt deartháireacha Naoise, Ardán agus Ainnle, go hAlbain. Ach ansin, bhíodar sáraithe ag rí na gCruithneach de bharr áilleacht Deirdre.

Faoi dheireadh, tháinig siad chuig oileán iargúlta. Chuir Conchúr Leborcham chucu, chun go bhfeice an raibh Deirdre fós chomh álainn is a bhíodh, in ainneoin an anró. Ag iarraidh Deirdre a chosaint roimh phósadh neamh-inmholta, dúirt sí nach raibh. Ach bhí neach eile curtha ag Conchúr, agus dúirt an té seo leis a mhalairt.

Thug Chonchúr ansin cuireadh abhaile dóibh ag geallúint go ráineodh siad slán, agus chuir sé a mhac Cormac Conn Longas le Fearghas mac Róigh agus Dubhthach mar rárthóirí. Ach sular shroichadar Eamhain Mhacha, maraíodh Naoise go fealltach ag Eoghan mac Dairtheacht, giolla gualainne Conchúir. De bharr an fhill seo, d'fhág an triúr ráthóirí cúige Uladh agus chuaigh chun a naimhde sna Connachta, Ailill mac Máta agus Méabh. Agus stuac air roimh Dheirdre óir gur dhiúltaigh sí é a phósadh, thairg Conchúr í don fhear a mharaigh Naoise. Mharaigh Deirdre í féin, ag léimt as an gcarbad agus ag bualadh a cinn ar carraig.[5][6]

Tionchair cuir in eagar

Leanann an scéal Tochmarc Luaine acus aided Athirni ar aghaidh le scéal na mac.

Ar cheann desna foinsí Gaelacha de Tristan und Isolde is ea an scéal seo. Insítear an t-ábhar céanna sa scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne.[7]

Deirdre le Yeats cuir in eagar

Tá an dráma Deirdre le William Butler Yeats bunaithe ar an seanscéal seo. Tarlaíonn eachtraí an dráma ar lá déaranach na tragóide, inste le guthanna tochtmhara na laochra. Tá Deirdre, Naoise agus Fearghas i mbothán coille in Albain, ag feitheamh ar Chonchúr, a gheallann athchairdeas dóibh. Briseann sé a ghealltanas ámh; maraítear Naoise agus maraíonn Deirdre í féin. Cuireann Fearghas cosc ar an rí fiú lámh a leagan ar na coirp mharbha.[8]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí (gearmáinis) cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • The Exile of the Sons of Uisliu in Early Irish Myths and Sagas, aist., réamhrá agus nótaí le Jeffrey Gantz, Penguin Classics, 1981, ISBN 978-0-140-44397-4

Tagairtí cuir in eagar

  1. Longes (c) ar eDIL
  2. Wolfgang Meid: Die Kelten, ll. 166 f.
  3. Á aistriú go litriúil agus go liteartha ón tSean-Ghaeilge ag Marcas
  4. Cé nach bhfuiltear ar an eolas céard is ea brí cruinn an ainm, cf Deirdre ar behindthename.com
  5. Ingeborg Clarus, Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt, ll. 110 ff.
  6. Helmut Birkhan, Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 983.
  7. Myles Dillon, Nora Kershaw Chadwick: Die Kelten. Von der Vorgeschichte bis zum Normanneneinfall. Kindlers Kulturgeschichte, ISBN 3-89340-058-3, lch. 447.
  8. Helmut Birkhan: Nachantike Keltenrezeption, lch. 660.