Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, rí Fearnaí, Contae Mhuineacháin, ba ea Eoghan mac Dairtheacht (Sean-Ghaeilge Éogan mac Durthacht[1]). Ag an bhfleadh le Mac Dathó, d'inis Cet mac Mágach conas ar bhain sé radharc na súile d'Eoghan, ag caitheamh ar ais sleá a bhuail a sciath.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarÉogan mac Durthacht
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Cruinnemiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Namhaid na nUladh agus a rí, ab ea Eoghan, Conchúr mac Neasa, ach sa deireadh, rinne sé a shíocháin leo. Mharaigh sé Naoise, fear céile Dheirdre, ar thoil Conchúir.[3] D'fhiafraigh Conchúr de Dheirdre cé acu arbh fhuath léi thar aon neach, agus d'fhreagair sí, Conchúr féin agus Eoghan Mac Dairtheacht. Shocraigh Conchúr dá bharr gur chóir di dul chun cónaí le hEoghan ar feadh bliana, ach roghnaigh an banlaoch bás in ionad na cinniúna seo.[4]

  • "The Story of Mac Dáthó's Pig and Hound" (1894): 51–64. Clarendon Press.  (eag. & aistr.) Rawlinson B 512, f. 105v.-
  • Kinsella, Thomas (1969). "Chapter: Exile of the Sons of Uisliu": 8–20. Oxford University Press. , ón téacs le V. Hull, Longes mac n-Uislenn (1949)
  1. Daurthecht ar eDIL
  2. Meyer, 1894, cuid 14 (loc. cit.)
  3. Kinsella 1969, "Chapter: Exile of the Sons of Uisliu", lch. 14-15
  4. Kinsella, 1969, lch. 19-20