Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, iníon Cathbhaidh agus Neasa ab ea Ealbha (Sean-Ghaeilge Elba, Elbha). Bhí beirt deirfiúracha aici, Deichtire (máthair Chon Chulainn) agus Fionnchaomh (máthair Chonaill Chearnaigh). Bhí beirt deartháireacha aici chomh maith.

Infotaula de personaEalbha
Teaghlach
CéileUisneach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNaoise Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCathbhadh

Bean chéile Uisliu agus máthair Naoise, Ardáin agus Ainnle ab ea í. Deirtear scaití gurbh é Conchúr mac Neasa athair a céad mhic, agus Ius primae noctis gairthe aige tar éis a pósta le hUisliu.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar