Ba phríomhdhraoi agus fáidheadhóir é Cathbhadh (nó Cafadh, Sean-Ghaeilge Cathbad) i gcúirt Chonchúir Rí sa Rúraíocht.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCathbhadh
Cineálduine ficseanúil
carachtar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht, Deirdre and Naisi (en) Aistrigh agus The Boyhood of Cohoolin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinNeasa Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCongal Cláiringnech Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíConchúr mac Neasa, Fionnchaomh, Ealbha agus Deichtine Cuir in eagar ar Wikidata

Breith Chonchúir cuir in eagar

Tá dhá leagan sna foinsí ar bhreith Chonchúir, agus Cathbhadh ann araon mar chuid de.

Sa chéad leagan, is athair Chonchúir é. Fiafraíonn Neasa, iníon Eochaid Sálbuide (rí Uladh ag an am céanna), den draoi céard a mheasann sé mar dhea-thuar an lá úd. Freagraíonn Cathbad, "rí a ghineadh ar bhanríon". Toisc nach raibh fear ar bith eile i láthair, meallann Neasa Cathbhadh chun na leapa agus gineann sí mac.[1]

Sa dara leagan,[2][3] is taoiseach cheithearn fhianna é Cathbhadh, agus díríonn sé ionsaí ar theach athair altrama Neasa, agus maraítear cách ann.

Níl ar a chumas ar Eochaid tada a dhéanamh toisc níltear in ann an chóir a leagan ar Chathbhadh. Is ar an gcaoi sin a bhunaíonn Ness a ceithearn fhianna féin chun teacht suas leis. Lá amháin, ámh, agus sí imithe ina haonar chun folcadh, tagann Cathbhadh chuici agus éilíonn sé í mar bhean chéile. Ní raibh an dara rogha aici ach aontú.

I leagan éigin eile, áfach, ní hé Cathbhadh athair mac Neasa, ach a leannán, an t-ard-rí, Fachtna Fáthach.

Agus Neasa agus Cathbhadh ag taisteal chun cuairt a thabhairt ar Fhachtna, ar bhruach na habhann úd chuaigh Neasa i dtinneas linbh. Rinne Cathbhadh tairngreacht go mbeadh breithlá a linbh ar chomh lá le hÍosa Chríost,[5] márbh fhéidir léi fanacht go dtí an lá dár gcionn. Shuigh sí ar chloch ar bhruach na habhann, agus ar an lá ina dhiaidh, rugadh Conchúr dí. Thit an leanbh i ndiaidh a mhullaigh isteach san abhainn, ach d'ardaigh Cathbhadh amach é. D'ainmníodh an leanbh as an abhainn.[4][5]

Fáidh cuir in eagar

Bhí an draoi i láthair ag breith Deirdre agus thuar sé a cinniúint, ach níor thug Conchúr aird dó.[6]

Tráth éigin eile, chuala Cú Chulainn óg ag dul thairis Cathbad ag tuar go mbeadh clú agus cáil shioraí, ag saol gearr, ag éinne a thógadh airm an lá úd. Rith sé ar an dtoirt go Conchúr agus d'iarr sé air go raibh sé ina shaighdiúir.

Nótaí cuir in eagar

  1. Kinsella, Thomas (1969). "The Táin". Oxford University Press. 
  2. "Tidings of Conchobar son of Ness" (1908). Ériu 2. 
  3. Meyer, Kuno (1883-1885). "Anecdota from the Stowe MS". Revue Celtique 6: 171–186. 
  4. Stokes, Whitley (1910). "Tidings of Conchobar mac Nessa". Ériu 4: 18–38. 
  5. Meyer, Kuno (1884). "Anecdota from the Stowe MS. No 992" 6: 178–182. 
  6. Heroic Romances of Ireland