Sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na nGael, ba ghaiscíoch na nUladh é Dubhthach (Sean-Ghaeilge Dubthach Dóeltenga (ciaróg-theanga)).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDubhthach
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht agus Táin Bó Cúailnge Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathagaiscíoch Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chomhghuaillí searbhasach Fheargasa Mhic Róich é nár mhol duine ar bith ach go hannamh.

Chuaigh sé i dteannta le Fearghas chun Deirdre agus Naoise a thabhairt ar ais go hÉirinn faoi réir Chonchúir. Lean sé Feargha ar deoraíocht go Connacht tar éis dúnmharú Naoise.

Ba chiontach é le bás mhac Chonchúir, i measc eile.[1]

Throid sé ar thaobh Fhearghasa sa Táin Bó Cuailnge, cé gur chuir Fearghas an ruaig air as an gcampa, de bharr a rúin chun Cú Chulainn a mharú.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. MacKillop, James (30 April 2013). "Dubthach Dóeltenga". A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press.
  2. Anon. "Táin Bó Cúalnge". Dáta rochtana: 30 April 2013. “Fergus mac Róich heard this, and it grieved him that Dubthach should advise the hosts to betray Cú Chulainn. And he gave Dubthach a strong and violent kick so that he fell on his face outside the group.”