Dream ársa lonnaithe sa Laighin ba ea Uí Fhailí (Sean-Ghaeilge Uí Failgi). Ainmnithe as an rí seanscéalach Failge Berraide (fl. AD 507–514) atá siad, agus tugtar Uíbh Fhailí ar a gcríocha.

Ó lár na haonú aoise déag, ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Conchúir Fhailí (Ua Conchobhair Failghi).[1] Bhí a gceanncheathrú suite i Ráth Iomgháin ó dhúchas, ach bogadh é go Daingean le teacht na Normannach.

I ndiaidh bhás an rí dheiridh, Brían mac Chathaoir Uí Chonchúir Fhailí, c. 1556, rinneadh contaetha nua d'Uíbh Fhailí le linn plandáil Éireann de chuid Máire I Shasana.[2]

Luann Céitinn na géaga a leanas de bhall Uí Fhailí: Uí Chaomhánaigh, Uí Thuathalaigh, Uí Bhranaigh, Mhic Giolla Phádraig, Uí Dhuinn, Uí Dhíomasaigh, Uí Dhuibhir agus Muintir Riain[2]

Ríocht Uíbh Fhailí

cuir in eagar
 
Ríocht Uí Failge, de réir O’Donovan

Is dóigh go raibh Uíbh Fhailí an mar ríocht ó thús na ré stairiúla. D'éirigh leo cúnguithe Uí Néill, na nEoghanacht agus na Normannach a a chur díobh, cé gur chaill siad tailte:[3]

"[sa] choimhlint sa chúigiú haois idir Uí Néill agus Laigin i mBreá agus Mí ... is cinnte é gurbh iad Uí Failgi a ndearnadh an dochair is mó dóibh, agus tailte i nUíbh Fhailí agus san Iarmhí caillte acu.

I rith phlandáil Mháire, roinneadh an ríocht idir Queen's County agus King's County, agus tugadh cuid de i gContae Chill Dara isteach. Le teacht neamhspleáchas na hÉireann, athainmníodh 'King's County' go Contae Uíbh Fhailí, i gcomórtas Uí Fhailí.

Déanann O'Donovan cur síos ar sheanchríocha Uíbh Fhailí sna hOrdnance Survey Letters dá chuid,[2] leis na barúntachtaí a leanas:

Luann O'Donovan O'Heerin go raibh Uíbh Fhailí roinnte ar dtús ina seacht dtríocha céad:

  • Tuath Géisille
  • Uí Regan (Tigh na hInse)
  • Clann Maoilughra (An Daingean agus Port na hInse)
  • Clár Cholgáin
  • Tuath Maighe (Baile an Chúlaígh agus Baile an Bhairínigh)
  • Magh Aoife, nó Fearann Uí Mhurcháin, (tuaisceart Uíbh Fhailí)
  • Tuath Leighe (deisceart Uíbh Fhailí).[2]

Más fíor, tá cruth go garbh triantánach ag an ríocht, le cúinne iardheiscirt ag Sliabh Bladhma, cúinne oirdheiscirt ag Dún Ailinne, agus An Bhóinn agus a craobh-aibhneacha (Abhainn Bhaile an Mhuilinn, An Abhainn Bhuí) ó thuaidh.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Francis John Byrne "Irish kings and High Kings", Baile Átha Cliath: Four Courts, 2001, 2a heagrán
  • Nollaig Ó Muraíle, Uí Fhailghe, Uíbh Fhailí, etc.; The Name of Offaly, in Offaly Heritage:Journal of the Offaly Archaeological and Historical Society, imleabhar 1, 2003, ll. 9–11
  • Alfred P. Smyth, Hui Failgi relations with the Hui Neill in the century after the loss of the plain of Mide, Études Celtiques, 1975, ll. 501–523.
  1. Ní raibh gaol acu leis na rítheaghlaigh Uí Chonchúir eile i gConnachta agus Ciarraí.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Ireland's History in Maps - The Tribes of Laigen Leinster Series
  3. Byrne, lch. 142.


Teimpléad:Laigin