Uí Eineachghlais
Rítheaghlach in Éirinn sa 5ú haois ba ea Uí Eineachghlais (Meán-Ghaeilge Uí Enechglaiss), a sholáthraigh roinnt luathríthe na Laigean.
Stair
cuir in eagarBhí Uí Eineachghlais bunaithe ar dtús ar mhánna Chill Dara that timpeall an Náis,[1] ach cuireadh an ruaig orthu soir thar Shléibhte Chill Mhantáin sa céad leath den 6ú haois, de bharr ionraí agus concas Uí Néill. D'éirigh siad ina ndream neamhthábhachtach ó thaobh na polaitíochta de, suite idir an Dál Messin Corb agus Uí Dega, ar chósta Chill Mhantáin thart timpeall An Inbhir Mhóir. San 11ú haois, thug a dtaoisigh orthu féin an sloinne Ó Fiachraí
Críocha
cuir in eagarCreideann Devane:[2] go raibh:
- croílár chríocha Uí Eineachghlais suite i gCairbre, Contae Chill Dara, siar chuir nó dislocation either by Cairbre mac Néill, nó a mhacasa, an ruaig orthu sa 5ú/6ú haois.
Deir sé fosta, faoi réir na bhfoinsí:
- bhí an Dál Messin Corb (géag Uí Eineachghlais) i gceannas i an dtuaisceart na Laigean sa 5ú haois, agus chun tosaí ag cosaint an chúige in éadan Cairbre mac Néill. Tugann Vita tripartita Sancti Patricii tacú sin tuairim seo, inar bhuail Pádraig, nó níos dóichí Palladius, le muintir Uí Garrchon go gairid tar éis di teacht go hÉirinn. Tharla an cruinniú gar den Nás, suite mar atá i Mag Liphi (Maigh na Life), croílár ansin de chumhacht pholaitiúil i dtuaisceart na Laigean.
Pearsana mór le rá
cuir in eagarRí na Laigean ba ea Mac Cairthinn mac Coelboth, agus ar duine desna ríthe stairiúla is luaite a ndearnadh tagairt air. Maraíodh é i gCath Fremen sa bhliain 446.
File de bhunadh Guaire ba ea Dubhthach moccu Lughair (cé go raibh sé ar marthain seasca bliain roimh theacht Uí Eineachghlais sa cheantar).
Clanna
cuir in eagarIs iad a leanas roinnt clann Ui Eineachghlais:
- Ui Chuanach - síolraithe ó Chuana mac Maoil Aithgean, a gar-fhionnó Fionnchadha mhic Bhreasail Eineachghlais
- Ui Thairmeisc - síolraithe ó Thairmeasc mac Scandláin, gar-fhionnó Fhionnchadha mhic Bhreasail Eineachghlais
- Uí Muireanaigh - síolraithe ó Emmal mac Breasail Eineachghlais
- Síol Diocholla mhic Eoghain - síolraithe ó Dhicuill mac Eoghain, gar-fhionnó Nath Í mhic Bhreasail Eineachghlais
- Uí Mhic Fhirithe - síolraithe ó Dhaurtheacht mac Breasail Eineachghlais
- Uí Ailealla - síolraithe ó Dhaurthecht
- Uí Fergnae - síolraithe ó Nannaidh mac Breasail Eineachghlais
- Uí Fhiachrach - síolraithe ó Fiachra mac Fionnsneachta, fl. 984, a quo Ó Fiachraí
Ginealach
cuir in eagarCathair Mór | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Breasal Eineachghlais | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fionchadh | Eammal | Nath Í | Daurtheacht | Nannaidh | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Amhlaghaidh | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muireadach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bearach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eoghan | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dicuill | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Maol Dobharchon | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tuaimin | Cú Dobhair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dúnghalach | Conmaol | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dúnlang | Dubh Dá Leithe | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dúnchadh | Rudgus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fiachra | Dúnghalach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cathal | Cináed | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cinaed bás 917 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fionnsneachta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fiachra fl. 984 a quo Ó Fiachraí | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dúnlang | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Giolla Caomhín | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cú Mara | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Giolla Caomhín | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foinsí
cuir in eagar- Irish Kings and High Kings, Francis John Byrne, Baile Átha Cliath, 1973; 3ú heagrán, 2001
- Kings, Saints and Sagas, Alfred P. Smyth, in Wicklow:History and Society, Baile Átha Cliath, 1994. Ll. 42, 43, 47, 99.
- Carbury, Co. Kildare - topographical and onomastic hypotheses, Caitriona Devane, in Above and beyond:Essays in memory of Leo Swan, ll. 187–122, eagraithe ag Tom Condit agus Christiaan Corlett, Wordwell, 2005. ISBN 1-869857-86-0.