Contae is ea Gwynedd in iarthuaisceart na Breataine Bige, a bhfuair a ainm ón sean-ríocht Teyrnas Gwynedd. Cé go bhfuil sé sa dara háit is mó i dtéarmaí limistéar geografach, tá sé freisin ar cheann de na dúiche is lú daoine. Labhraíonn tromlach den daonra an Bhreatnais (ar a dtugtar freisin Comraig[1]).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGwynedd

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Cadernid Gwynedd» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 52° 50′ 00″ N, 3° 55′ 00″ O / 52.833333333333°N,3.9166666666667°W / 52.833333333333; -3.9166666666667
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta Aontaithean Bhreatain Bheag Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCaernarfon Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán124,560 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús49.14 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla2,534.9252 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceBá Caernarfon, Muir Bhreatan agus Bá Ceredigion Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1 Aibreán 1974
Aitheantóir tuairisciúil
Cód ISO 3166-2GB-GWN Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingwynedd.llyw.cymru Cuir in eagar ar Wikidata

Is anseo atá Prifysgol Bangor (Gaeilge: Ollscoil Bangor) lonnaithe agus tá an leithinis álainn Penrhyn Llŷn mar chuid de, agus an chuid is mó den Pharc Cenedlaethol Eryri (Gaeilge: Páirce Náisiúnta Eryri).

Úsáidtear an t-ainm Gwynedd freisin i gcomhair chontae bhuanaithe, a chlúdaíonn Ynys Môn chomh maith leis an chontae reatha. Go cultúrtha agus go stairiúil, is féidir an t-ainm a úsáid freisin ar son an chuid is mó de Thuaisceart na Breataine Bige (mar shampla, an limistéar atá clúdaithe ag Chonstáblacht Gwynedd), arbh ionann é agus an fhairsinge ba mhó dá raibh riamh i dTeyrnas Gwynedd.

De réir staidéir an stáit sa bhliain 2018, tá Breatnais ag 76.8% de dhaonra Gwynedd a bhí ar a laghad 3 bhliain d'aois ag an am.[2]

Bunús an logainm

cuir in eagar

San am a chuaigh thart, ghlac staraithe ar nós John Edward Lloyd leis gurbh é bunús Ceilteach an fhocail “Gwynedd” ná “cnuasach treibheanna” - an fhréamh chéanna leis an fhocal finecine i nGaeilge.[3] Anois, aithnítear go bhfuil ceangal idir an t-ainm agus Na Féni, atá ar cheann de luathainmneacha na nGael in Éirinn, baintrach le fían, ‘cuideachta fir seilge agus troda, cuideachta laochra faoi cheannas’.atá gaolta le fian, "grúpa garmhac ag fiach agus ag troid, grúpa gaiscíoch faoi cheannaire ". B’fhéidir gurb é *u̯en-, u̯enə (‘dícheall a dhéanamh , ag dúil le, mian’) an gas Ind-Eorpach.[4] Chuir na Gaeil fúthu in Iarthuaisceart na Breataine Bige, agus i nDyfed, ag deireadh na tréimhse Rómhánaí. Ba í Venedotia an fhoirm Laidineach, agus tá cloch chuimhneacháin i bPenmachno, ó timpeall na bliana 500 AD, arb é atá ann:
Cantiori Hic Iacit Venedotis (‘Tá Cantiorix curtha anseo, saoránach Gwynedd ’). Choinnigh na Briotanaigh an t-ainm nuair a bunaíodh ríocht Gwynedd sa 5ú haois, agus mhair sé go dtí gur ionraigh an rí Éadbhard I Gwynedd. Athbheodh an logainm stairiúil seo nuair a bunaíodh an contae nua sa bhliain 1974 .

Príomhbhailte

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Cadwaladr, Dilys; Jones, T. Hughes; Morgan, Huana; Powell, J. D.; Williams, J. J.; Williams, J. O. (1948). "Sgéalta ó'n gComraig" (as Gaeilge): 55. Oifig an tSoláthair. 
  2. "Annual population survey estimates of persons aged 3 and over who say they can speak Welsh". statswales.gov.wales. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-08-18. Dáta rochtana: 2019-01-15.
  3. Bedwyr Lewis Jones, Enwau (Llyfrau Llafar Gwlad) (Llanrwst: Gwasg Carreg Gwalch, 1991), t. 5–6
  4. Teimpléad:Dyf GPC