Teyrnas Gwynedd

ríocht i dtuaisceart na Breataine Bige
Is faoi ríocht stairiúil Gwynedd atá an t-alt seo. Maidir leis an gcontae nua-aimseartha féach Gwynedd . Féach freisin Gwynedd (difríocht)

Bhí Teyrnas Gwynedd (Gaeilge:Ríocht Gwynedd) ar cheann de phríomhríochtaí na Breataine Bige sa Mheánaois . Bhí éagsúlacht ag baint lena theorainneacha, ag brath ar chomh cumhachtach is a bhí an nó an prionsa, ach chuimsigh sí i gcónaí Arfon, Eryri, agus Ynys Môn . Go traidisiúnta bhí Gwynedd roinnte ina dhá réigiún: " Gwynedd Uwch Conwy " agus " Gwynedd Is Conwy ", agus Abhainn Conwy mar an teorainn idir an dá chuid.

Cunedda, céad Rí Gwynedd

De réir Historia Brittonium (‘Stair na mBriotanach’, 9ú haois) bhí Cunedda Wledig [1] agus a chlann mhac tar éis teacht anuas go dtí an Bhreatain Bheag Thiar Thuaidh ón Hen Ogledd,, atá mar chuid theas d’ Albain anois, d’fhonn ruaig a chur ar na Gaeil ó Ghwynedd, agus bhunaigh siad ríocht Gwynedd ina dhiaidh sin. [2] Venedotia a seanainm sa Laidin . [3] Tá díospóireacht ann maidir le cathain a tharla sé seo, leis na dátaí ag athrú ó dheireadh an 4ú haois go dtí tús an 5ú haois CR. De réir na staire, ainmníodh cuid de ríochtaí na Breataine Bige i ndiaidh na mac a tháinig in éineacht le Cunedda - mar shampla, tugadh ‘ Ceredigion ’ ar Ceredig agus ainmníodh Edeirnion agus Rhufoniog ar Edern agus Rhufawn. [2] [4]

Is fianaise í leac uaighe ó dheireadh an 5ú haois i Séipéal Penmachno a d’fhéadfadh cabhrú leis an dáta cruinn a shocrú . Comórtar fear darbh ainm Cantiorix, a bhfuil cur síos air san inscríbhinn Laidine mar " Cantiorix hic iacit/Venedotis cives fuit/consobrinos Magli magistrati " *(Gaeilge: " Curtha anseo atá Cantiorix. Ba shaoránach de Ghwynedd é agus col ceathrair le Maglos an giúistís ”) Tugann na tagairtí do 'cives' agus do 'magistrati' le tuiscint gur lean an córas Rómhánach ar aghaidh i nGwynedd ar feadh tréimhse tar éis do na léigiúin imeacht. [5]

Ba é Deganwy na príomhchúirte i nGwynedd i ré Maelgwn Gwynedd, a bhí ina mhac garpháiste le Gunedda Wledig, agus a bhí i réim i Gwynedd sa 6ú haois. [6] [7] Níos déanaí bhog an phríomhchúirt go Aberffraw, agus cuirtear síos ar rialtóir Gwynedd mar "Prionsa Aberffraw" nó "Tiarna Aberffraw".

Tháinig forbairt ar ríocht Gwynedd sa tréimhse nuair a d’fhág na Rómhánaigh an Bhreatain, is é sin le rá sa 5ú haois, agus nuair a bhí an tír á coilíniú ag na hAngla-Shacsánaigh . Bunaithe in iarthuaisceart na Breataine Bige, tháinig rialóirí Gwynedd ti gcumhacht agus aithníodh iad mar ‘Ríthe na mBreatnach’ sular chaill siad cumhacht mar gheall ar chogaíocht díothaithe cine. Timpeall na bliana 1039 bhí Gruffydd ap Llywelyn tar éis é féin a bhunú mar rialtóir ar Ghwynedd agus ar Phowys, agus faoi 1055 bhí Deheubarth curtha leis aige. Ghabh sé ar <a href="https://cy.wikipedia.org/wiki/Teyrnas_Morgannwg" rel="mw:ExtLink" title="Teyrnas Morgannwg" class="cx-link" data-linkid="196">Morgannwg</a>, agus mar thoradh air sin d'fhéadfadh sé a éileamh go raibh an Bhreatain Bheag faoin a gceannas faoi dheireadh na 1050idí. Tagraítear dó mar Brenin Gwynedd ( Rí Gwynedd) agus na Breataine Bige, agus is é an t-aon rialtóir i stair na Breataine Bige a bhí in ann smacht a éileamh ar an mBreatain Bheag mar ríocht iomlán. Scriosadh a ríocht sa bhliain 1063 mar gheall ar ionradh a rinne na Sacsanaigh faoi cheannas Harold Godwinson, trí bliana sular thug na Normannaigh ionradh ar an mBreatain Bheag. [8] Maraíodh Harold Godwinson, Rí Shasana agus oidhre Éadbhard an Choinfeasóra, nuair a lámhachadh sa tsúil é ag Cath Hastings i 1066 ag arm Normannach Uilliam an Choncúir . [9]

TagairtíCuir in Eagar

  1. CUNEDDA WLEDIG (fl. 450?), tywysog Prydeinig | Y Bywgraffiadur Cymreig”. bywgraffiadur.cymru. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  2. 2.0 2.1 "Gwyddoniadur Cymru yr Academi Gymreig" (2008): 202-3. Caerdydd: Gwasg Prifysgol Cymru. OCLC 213108835. 
  3. Lewis (1913). "A glossary of mediaeval Welsh law, based upon the Black book of Chirk". Manchester : The University Press. 
  4. Full-text resources for ‘Dark Age’ history”. www.kmatthews.org.uk. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  5. Davies, John. (2007). "Hanes cymru.": 54. Penguin Books Ltd. OCLC 153576256. 
  6. MAELGWN GWYNEDD (bu farw c. 547) | Y Bywgraffiadur Cymreig”. bywgraffiadur.cymru. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  7. "Cydymaith i lenyddiaeth Cymru" (1997): 485. Caerdydd: Gwasg Prifysgol Cymru. OCLC 38068896. 
  8. Davies. "Gwyddoniadur Cymru Yr Academi Gymreig": 396. 
  9. GRUFFYDD ap LLYWELYN (bu farw 1244), tywysog gogledd Cymru | Y Bywgraffiadur Cymreig”. bywgraffiadur.cymru. Dáta rochtana: 2020-09-28.