Gruffydd ap Llywelyn
Ba é Gruffudd ap Llywelyn (circa 1000 – 5 Lúnasa 1063 ) an t-aon rí Breatnach a raibh na Breatnaigh go léir faoi ghéillsine aige, agus an t-aon rí amháin a chloígh fórsaí Shasana go minic. [1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1000 (Féilire Ghréagóra) an Bhreatain Bheag |
Bás | 5 Lúnasa 1063 62/63 bliana d'aois Eryri, Wales |
Rí | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Eile | |
Teideal uasal | Rí |
Céile | Ealdgyth |
Páiste | Maredudd ap Gruffudd, Nest ferch Gruffudd, Ithel ap Gruffudd, Annesta |
Athair | Llywelyn ap Seisyll agus Angharad ferch Maredudd |
Siblín | Angharad ferch Llywelyn, Gwladus Ddu, Bleddyn ap Cynfyn, Rhiwallon ap Cynfyn agus Elen ferch Llywelyn |
- Maidir le Gruffudd ap Llywelyn, athair Llywelyn Ein Llyw Olaf féach Gruffudd ap Llywelyn Fawr.
Gairmréim
cuir in eagarBa mhac le Lywelyn ap Seisyll, an té a urghabh ríchathaoir Gwynedd sa bhliain 1018, agus le hAngharad, iníon Maredudd ab Owain, de shliocht Rodri Mawr, é Gruffudd, ach ní raibh sé ina bhall de ghnáthshliocht Gwynedd, de shliocht Idwal Foel . Sa bhliain 1039, tháinig Gwynedd agus Powys ina sheilbh tar éis dó Iago ap Idwal ap Meurig, mac garpháiste Idwal ab Anrát, a mharú. Chuaigh sé i ngleic ansin le Deheubarth agus a gceannaire Hywel ab Edwin. I gcath ainsrianta ag Pencader (féach Cath Pencader ) sa bhliain 1041 fuair Gruffudd an bua ar Hywel agus ghoid sé a bhean uaidh. Faoi 1044 bhí seilbh aige ar Deheubarth, ach chaill sé greim ar an Tiarnas sin i 1047 agus chuir Ruffudd ap Rhydderch bac ar a uaillmhian ansin. Níor tháinig Deheubarth i lámha Gruffudd ar deireadh go dtí 1055 nuair a maraíodh Gruffudd ap Rhydderch. Bhí sé tagtha ar chomhaontú anois le Mercia, agus fuair sé a lán críocha ar an teorainn, tailte lastall de Clawdd Offa, agus a bhí faoi fhorghabháil ag coilíneoirí Sasanacha ar feadh trí chéad bliain agus níos mó, lena n-áirítear gabháil agus dó Henffordd i 1055 agus athghabháil Chwitffordd agus Yr Hôb, Beannchar Is-Coed, Y Waun, Llanandras agus Maesyfed. Faoin am seo d’fhéadfadh sé a mhaíomh go raibh sé ina rí ar bheagnach an Bhreatain Bheag ar fad. Ghlac na Sasanaigh a cheart ar an mBreatain Bheag, agus tháinig sé ar chomhaontú le hÉadbhard an Choinfeasóra. Bliain nó dhó ina dhiaidh sin, ghabh sé Morgannwg, ag ruaigeadh Gadwgan ap Meurig de shliocht Hywel ap Rhys as. Mar sin, ó thart ar 1057 go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1063, d'aithin an Bhreatain Bheag ar fad ríogacht Gruffudd ap Llywelyn. Deir an staraí John Davies: "Ar feadh timpeall seacht mbliana bhí an Bhreatain Bheag faoi riail na Breataine Bige, éacht nár baineadh amach riamh roimhe sé bliana ó shin." [2]