B'é Rhodri Mawr (nó Rhodri ap Merfyn) an chéad rialtóir sa Bhreatain Bheag a bhain an gradam 'Mawr' ( is ionann 'Mawr' agus 'Mór' i nGaeilge na hÉireann) amach dó féin, agus an chéad a bhain forlámhas amach ar an Bhreatain Bheag, beagnach ina iomláine. Tugtar 'Rí na mBreatnach' air in Annála Uladh. Níos déanaí ar aghaidh, ghlaoigh staraithe éagsúla 'Rí na Breataine Bige' air, cé nach raibh sé riamh in ann an Bhreatain Bheag uile a smachtú agus níor thug daoine comhaimseartha leis an teideal seo dó.

Infotaula de personaRhodri Mawr

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 820 (Féilire Ghréagóra)
Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás878
57/58 bliana d'aois
Inis Món Cuir in eagar ar Wikidata
Tiarnas Gwynedd
Ríocht Powys
Ríocht Ceredigion
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Gníomhaíocht
Gairmmonarc, gaiscíoch Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais
Teaghlach
TeaghlachTeaghlach Gwynedd Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAngharad ferch Meurig Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnarawd ap Rhodri, Merfyn ap Rhodri, Cadell ap Rhodri, Tudwal an Bacach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMerfyn Frych  agus Nest ferch Cadell
Léarscáil ag tabhairt le fios fairsinge na ngabhálacha a bhain an Rí Rhodri Mawr amach.

██ Gwynedd, prionsacht Rhodri Mawr

██ Comhcheangail chun Morgannwg a chruthú.

Ginealach agus oidhreacht

cuir in eagar

Mac Mherfyn Frych, Rí Gwynedd agus Nest ferch Cadell ó ríshliocht Powys ab ea é, agus fuair sé Ríocht Gwynedd ó oidhreacht tar éis dá athair bás a fháil sa bhliain 844.

Nuair a bhásaigh a uncail, deartháir a mháthar, Cyngen ap Cadell rialtóir Powys, ar oilithreacht go dtí an Róimhe sa bhliain 855, fuair sé Powys le hoidhreacht freisin. Sa bhliain 872, tré thaisme, bádh Gwgon, rialtóir Seisyllwg i ndeisceart na Breataine Bige, chuir Rhodri Ríocht Seisyll leis a fhearainn de bhua a pósadh le Angharad, deirfiúr Gwgon. Seo déanta b'é Rhodri an rialtóir is mó sa Bhreatain Bheag.