Bhí Anarawd ap Rhodri (d’éag 916), ina rí ar Gwynedd idir 878 agus 916.

Infotaula de personaAnarawd ap Rhodri

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithi. 855
Tiarnas Gwynedd Cuir in eagar ar Wikidata
Bás916 (Féilire Ghréagóra)
60/61 bliana d'aois
Tiarnas Gwynedd
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhreatnais
Eile
Teideal uasal Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachRíshliocht Aberffraw Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIdwal Foel, Elisedd ap Anarawd Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRhodri Mawr
SiblínCadell ap Rhodri, Merfyn ap Rhodri agus Tudwal an Bacach

Beathaisnéis

cuir in eagar

Bhí athair Anarawd, Rhodri Mawr ina rí ar fhormhór na Breataine Bige faoi dheireadh a shaoil, ach nuair a fuair sé bás sa bhliain 878 roinneadh a ríocht idir a chlann mhac. Fuair Anarawd ríchathaoir Gwynedd le hoidhreacht. Tá sé taifeadta gur chomhoibrigh Anarawd agus a dheartháireacha Cadell agus Merfyn go dlúth le mionríthe na Breataine Bige. D’ionsaigh Æthelred, Tiarna na Margach, Gwynedd sa bhliain 881, ach d’éirigh le hAnarawd bua fuilteach a fháil air i gcath in aice le béal [1]

Afon Conwy (Brwydr Dial Duw), atá molta ag an gcroiniceoir mar "Dial Duw am Rodri"(Gaeilge:Díoltas Dé do Rodri), toisc gur maraíodh Rhodri i gcath in aghaidh na Margach. [1]

Rinne Anarawd comhaontú le rí Eabhrac na nDanar féachaint le cosaint a thabhairt in aghaidh tuilleadh ionsaithe ón Mharg. Nuair nach raibh an comhaontú seo thar mholadh beirte, tháinig sé ar chomhaontú le Ailfrid Mór ó Wessex, agus é ar cuairt chuig cúirt Ailfrid. Mar mhalairt ar chosaint Ailfrid, ghlac Anarawd le hardcheanna Alfrid. Ba é seo an chéad uair a fuair rí Gwynedd tosaíocht rí Shasana, agus rinneadh fasach do choróin Shasana ceannasacht a éileamh as sin amach. [1]

Sa bhliain 894 bhí Anarawd in ann a ríocht a chosaint ar ionsaí ó fhórsa na nDanar ar Thuaisceart na Breataine Bige, agus an bhliain dár gcionn d'ionsaigh sé Ceredigion agus Ystrad Tywi sa deisceart. Tuairiscítear go raibh saighdiúirí Sasanacha san arm aige do na hionsaithe seo. Sa bhliain 902 bhí bua eile aige nuair a d’ionsaigh roinnt Danar Ynys Môn ó Bhaile Átha Cliath faoi cheannas Ingimundr. Fuair Anarawd bás i 916 agus lean a mhac Idwal Foel é. [1]

 
Ainm Anarawd mar atá sé ar fhóilió 58v de Choláiste Íosa, Oxford MS 11
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 John Edward Lloyd (1911) A history of Wales: from the earliest times to the Edwardian conquest(Longmans, Green & Co).