Críoch in iardheisceart na Breataine Bige ab ea Ystrad Tywi, (Gaeilge: Gleann Tywi) atá beagnach cosúil le cuid mhór de Sir Gaerfyrddin an lae inniu.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilYstrad Tywi

Suíomh
Map
 51° 52′ 05″ N, 4° 15′ 18″ O / 51.868°N,4.255°W / 51.868; -4.255
Íomhá:Powys Cantrefi.jpg
Map braslun o gantrefi Powys

Roinneadh Ystrad Tywi ina thrí chuid nó cantref , lena bpobail féin, mar atá an Cantref Mawr , an Cantref Bychan agus an Cantref Eginog.

Ghabh na Normannaigh san 11ú haois an Cantref Eginog sa 11ú haois agus don chuid eile de na Meánaoiseanna ní raibh ach an dá cantref eile an Cantref Mawr agus Cantref Bychan fágtha ag Ystrad Tywi.

Ag tús an 8ú haois bhí Ystrad Tywi mar chuid de Teyrnas Dyfed. Timpeall na bliana 730 ghabh Seisyll ap Clydog, rí Ceredigion, Ystrad Tywi ó Rhain ap Cadwgan, rí Dyfed, agus chuir sé lena ríocht féin é. Tugadh an logainm Seisyllwg ar an ríocht mhéadaithe nua seo. Sa bhliain 920 nasc Hywel Dda Seisyllwg agus Dyfed chun Teyrnas Deheubarth a chruthú.

Sa chéad chraobh de Bedair Cainc y Mabinogi (Ceithre Chraobh na Mabinogi), finscéal Pwyll taoiseach Dyfed, deirtear gur lean mac an taoisigh, Pryderi, a athair ar ríchathaoir Dyfed agus gur chuir sé trí cantref Ystrad Tywi agus ceithre cantref Ceredigion leis a ríocht.