Hywel Dda
Bhí meas mór ar Hywel Dda (c. 880-950), (Is ionann 'Dda' agus 'Dea-' i nGaeilge) agus é ina rí ar Deheubarth in iardheisceart na Breataine Bige. (Is ionann 'Deheubarth' agus 'Cuid an Deiscirt' i nGaeilge.) Ag baint úsáide as a ghliceas, mhéadaigh sé ar a fhlaitheas agus sa deireadh bhí a riail i bhfeidhm ó Prestatyn go dtí Penfro. Ba de shliocht Rhhodri Mawr é, ar thaobh a athar Cadell, agus ba bhall é de chraobh Dinefwr an ríshleachta. Tugtar 'Hywel ap Cadell' air freisin. Tá taifead déanta faoi mar 'Rí na mBriotanach' sna hAnnála Cambriae agus in Annála Uladh.
Hywel Dda | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | 880 | ||
Náisiúntacht | An Bhreatain Bheag | ||
Bás | 950 | ||
Muintir | |||
Athair | Cadell ap Rhodri | ||
Céile/Céilí | Elen ferch Llywarch (en) ![]() | ||
Páistí | |||
Siblíní | liosta iomláin
| ||
Treibh | House of Dinefwr (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Teangacha | an Béarla | ||
Gairm | |||
Gairm | rí |
Tá cuimhneamh ar Hywel mar dhuine de na rialtóirí ab fhearr riamh de chuid na Breataine Bige. Luaitear a ainm ach go háirithe le forbairt a dhéanamh ar dhlíthe na Breataine Bige, ar a dtugtar de ghnáth Dlíthe Hywel Dda. Bhain sé an leasainm 'dda' amach mar go raibh a dlíthe cóir agus maith. De réir an staraí Dafydd Jenkins feictear atrua seachas pionós iontu, neart chiall comhchoiteann agus tuiscint ar leith i dtreo na mban. Go cinnte, b'fhear oilte é Hywel, fiú le caighdeáin an lae inniu, agus bhí eolas maith aige ar an Bhreatnais, an Laidin, agus an Béarla. [1]
BeathaisnéisCuir in Eagar
Rugadh Hywel thart ar an bhliain 880, b'e Cadell a athair, agus Rhodri Mawr nó Rhodri ap Merfyn (c. 820–878) a sheanathair.
ÉachtaíCuir in Eagar
Bhí réimeas Hywel foréigneach go leor, ach bhí sé in ann comhthuiscint a bhaint amach le Athelstan Shasana. Bhí a leithéid de mhuintearas idir an Bhreatain Bheag agus Sasana go raibh Hywel in ann a mhonaíocht féin a bhualadh i Chester. B'é Hywel an chéad rialtóir de chuid na Breataine Bige a bhí in ann boinn airgid a tháirgeadh, ó bhí na Ceiltigh in ard a réime, thart faoi míle bliain roimhe.
Dlí na Breataine BigeCuir in Eagar
Bhí dlí na Breataine Bige códaithe agus rinneadh taifead i scríbhinn dó ar mhaithe leis na glúinte a bhí le teacht. Tharla seo, sa bhliain 945, nuair a tionóladh comhdháil i Hendy-gwyn, Sir Gaerfyrddin. De réir traidisiúin, rinne an cléireach clúiteach Blegywryd go leor den obair. Tar éis bháis Hywel, roinneadh a ríocht i dtrí. D'éiligh mic Idwal Foel teideal úinéireachta ar Gwynedd, agus ag an am céanna roinneadh Deheubarth go cothrom idir mic Hywel. Mar sin féin, tháinig a oidhreacht slán i bhfoirm a reachtaíochta, a bhí fós in úsáid faoi ar fud na Breataine Bige go dtí an concas nuair a chuir Parlaimint Shasana deireadh leo sa 16ú haois.
|
Is síol a bhaineann leis an mBreatain Bheag é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |