Mionríocht in iardheisceart na Breataine Bige a bhí i Seisyllwg, a bhí ann ó 730 go 920.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSeisyllwg

Suíomh
Map
 53°14′N 4°01′W / 53.23°N 4.02°W / 53.23; -4.02
Daonra
Teanga oifigiúilan Bhreatnais Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht Ceredigion Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú680
Díscaoileadh920
Á leanúint agTeyrnas Deheubarth Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht Cuir in eagar ar Wikidata

Ag tús an 8ú haois, rialaigh an Rí Seisyll ap Clydog i gCeredigion. Timpeall na bliana 730 ghabh Seisyll 'Ystrad Tywi' ó Rhain ap Cadwgan, rí Dyfed, agus chuir sé lena ríocht féin é. Tugadh an logainm Seisyllwg ar an ríocht mhéadaithe nua. Taifeadtar go bhfuair a mhac, Arthen ap Seisyll, bás sa bhliain 807

Sa bhliain 872, báthadh Gwgon ap Meurig, rí Seisyllwg, trí thimpiste, agus chuir Rhodri Mawr a ríocht lena shealúchais trína phósadh le hAngharad, deirfiúr le Gwgon is sin-sin-gar-iníon Seisyll ap Clydog. Bhí Rhodri ina rí anois ar fhormhór na Breataine Bige. Nuair a fuair Rhodri bás fuair Cadell ap Rhodri le hoidhreacht Seisyllwg agus athbhunaíodh í ar feadh tamaill mar ríocht neamhspleách. D'éirigh le Cadell Dyfed a ghabháil i 904/905, agus thug sé dá mhac Hywel Dda é a rialú..

Nuair a fuair Hywel Seisyllwg le hoidhreacht freisin sa bhliain 920 tháinig an dá ríocht le chéile chun Teyrnas Deheubarth. a chruthú.

  • Seisyll ap Clydog
  • Arten ap Seisyll (-807)
  • Dyfnwal ap Arthwyr (807-825/841)
  • Meurig ap Dyfnwal (825/841-850/871)
  • Gwgon ap Meurig - an rí deiridh ar Ceredigion (871-872)
  • Cadell ap Rhodri (872-909)
  • Clydog ap Cadell (909-920)
  • Meurig ap Cadell (909-?)
  • Hwyfaid ap Clydog (920-939)
  • Hywel Dda ap Cadell (909-950)

Leabharliosta

cuir in eagar
  • John Edward Lloyd (1911) Stair na Breataine Bige: ón aimsir is luaithe go dtí an concas Éadbhardach (Longmans, Green & Co)