Éadbhard an Choinfeasóra
Bhí Éadbhard an Choinfeasóra (Sean-Bhéarla: Ēadƿeard Andettere, Laidin: Eduardus Confessor; 1003 – 5 Eanáir 1066), ina Rí Shasana ón 8 Meitheamh 1042 go dtí 5 Eanáir 1066. Bhí sé i measc ríthe deireanacha na nAngla-Shacsanach sa tír, agus meastar, de ghnáth, gurb é an rí deireanach de Theach Wessex.
Éadbhard an Choinfeasóra | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
1042 - Eanáir 5, 1066 ← Harthacanute - Arald Godwinson → | |||
Saol | |||
Eolas breithe | Islip, Anaithnid | ||
Náisiúntacht | Ríocht Shasana | ||
Bás | Londain, 5 Eanáir 1066 | ||
Áit adhlactha | Abtheach Westminster | ||
Muintir | |||
Athair | Æthelred the Unready | ||
Máthair | Emma of Normandy | ||
Céile/Céilí | Edith of Wessex (en) ![]() | ||
Siblíní | liosta iomláin
| ||
Teaghlach | liosta iomláin
| ||
Treibh | Teaghlach Wessex | ||
Oideachas | |||
Alma mater | The King's School Ely (en) ![]() | ||
Gairm | |||
Gairm | monarc | ||
Féile | |||
5 Eanáir | |||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Caitliceachas |
Ba mhac leis an rí Æthelred (tugadh 'the Unready' dó) agus Emma na Normainne, tháinig sé i gcomharbacht ar Harthacnut mac an rí Cnút Mór - agus a leathdheartháir fein, ag athbhunú riail Thealach Wessex, tar éis na tréimhse de riail na nDanmhairge, ó chloígh Cnut (mar is fearr aithne Canute) Sasana sa bhliain 1016. Nuair a fuair Éadbhard bás sa bhliain 1066, tháinig Harold Godwinson i gcomharbacht air, a fuair bás ag Cath Hastings sa bhliain chéanna nuair a bhfuair na Normannaigh faoi Liam Concaran lámh in uachtar air. Tar éis an chatha, fógraíodh Edgar Ætheling, ball de Theaghlach Wessex ina rí, ach níor rialaigh sé riamh agus briseadh den choróin é tar éis thart ar ocht seachtaine.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |