5 Eanáir
dáta
<< Eanáir >> | ||||||
Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
1 | 2 | |||||
3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 |
10 | 11 | 12 | 13 | 14 | 15 | 16 |
17 | 18 | 19 | 20 | 21 | 22 | 23 |
24 | 25 | 26 | 27 | 28 | 29 | 30 |
31 | ||||||
2022 | ||||||
Laethanta na bliana go léir |
Is é an 5 Eanáir an cúigiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 360 lá fágtha sa bhliain nó 361 i mbliain bhisigh.
FéilteCuir in Eagar
Daoine a rugadh ar an lá seoCuir in Eagar
- 1930 - Buzz Aldrin, spásaire Meiriceánach
- 1932 - Umberto Eco, scríbhneoir Iodálach
- 1938 - Juan Carlos, rí na Spáinne
- 1956 - Frank-Walter Steinmeier, polaiteoir Gearmánach
Daoine a fuair bás ar an lá seoCuir in Eagar
- 1922 - Ernest Shackleton, taiscéalaí (r.1874)
- 1933 - Calvin Coolidge, 30ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1872)
- 1976 - John A. Costello, 2ú Taoiseach na hÉireann (r.1891)
Imeachtaí EileCuir in Eagar
- 1907 - D'oscail Cumann Ríoga Gluaisteán na hÉireann an chéad taispeántas gluaisteán riamh in Éirinn san RDS. Thosaigh seirbhís tacsaí i mBÁC ag an am céanna.
- 1911 - Tháinig agóideoirí Protastúnacha le chéile i Halla Tionóil Bhéal Feirste le cur in aghaidh Ne Temere, riail na hEaglaise Caitlicigh sa bhliain 1907.[1]
- 1953 - Thuairteáil eitleán (Vickers Viscount) de chuid na haerlíne British European Airways in aerfort Choirnéal Nutt, Béal Feirste. Fuair seachtar daoine fichead bás sa timpiste. Tháinig ochtar eile slán. Ba í seo an tuairt eitleáin ba mheasa riamh i stair Thuaisceart Éireann.[2] D'imigh an píolóta thar an rúidbhealach srl. Iomrall tromchúiseach breithiúnais a rinne an píolóta.
- 1976 - Tharla Sléacht Kingsmill; maraíodh deichniúr oibrí Protastúnacha .ag Muilte Ching i gContae Ard Mhacha.
- 1981 - In ainneoin na n-agóidí, d'fhógair Aontas Rugbaí na hÉireann go raibh siad le dul go dtí an Afraic Theas le cluiche a imirt in aghaidh na foirne náisiúnta ansin, na Springboks, cé go raibh an apairtéid i réim sa tír sin i gcónaí.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Ne Temere" (in en) (2020-12-24). Wikipedia.
- ↑ "Belfast telegraph". www.pressreader.com (2013-01-05). Dáta rochtana: 2020-01-05.