Jennie Wyse Power

polaiteoir, gníomhaí, feimineach, agus bean ghnó Éireannach

Ba ghníomhaí, feimineach, polaiteoir agus bean ghnó Éireannach í Jennie Wyse Power (née O'Toole; 1 Bealtaine 1858 – 5 Eanáir 1941).[1] Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan, bhí sí seal sa Seanad agus throid sí i gcónaí i gcoinne aon leithcheal ar bhonn inscne.[2]

Infotaula de personaJennie Wyse Power

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Bealtaine 1858
Bealach Conglais, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Eanáir 1941
82 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
6 Nollaig 1934 – 19 Bealtaine 1936
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Seanadóir na hÉireann
11 Meán Fómhair 1922 – 6 Nollaig 1934
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, gníomhaí ar son cearta vótála, sufraigéid Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileJohn Wyse Power Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNancy Wyse Power, Máire Wyse Power Cuir in eagar ar Wikidata
1920

Saol cuir in eagar

 
Sinn Fein, Ard Fheis BÁC 21 Feab. 1922

Rugadh Power í gCill Mhantáin sa bhliain 1858. Bhí sí gníomhach ar son cearta na mban agus saoirse na tíre, le linn a saol. Bhí sí ina ball de Chonradh na Talún, agus d'éirigh sí mór le hAnna Parnell. Thacaigh sí le Charles Parnell, agus phós sí duine eile dá lucht leanúna, John Wyse Power i 1883. Bhí ceathrar clainne orthu, agus bhí cónaí ar an gclann i gCill Dara agus ansin i mBaile Átha Cliath.

Chabhraigh Wyse Power le bunú Inghinidhe na hÉireann in 1900. Bhí sí ar bhaill bhunaidh de Chumann na mBan in 1914, agus bhí sí ar choiste gnó Shinn Fein ó 1908-1911.  Ba sufraigéid í freisin, agus bhí sí mór le Hanna Sheehy-Skeffington, agus ina ball den Irish Women’s Franchise League.

Bhí siopa aici ar Shráid Anraí darbh ainm The Irish Farm and Produce Company, a d'oscail i 1889. Síníodh Forógra na Cásca 1916 sa siopa seo. Bhí bialann mar chuid den ghnó agus b'é a bialann a chur bia ar fáil dóibh siúd in Ard Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca.

Ba í an t-aon bhall de Chumann na mBan a thacaigh leis an gConradh Angla-Éireannach i 1921.

Thacaigh sí ar dtús le Cumann na nGaedhal, agus ceapadh í mar seanadóir i 1922. I 1926, d'fhág sí an páirtí agus ansin chuaigh sí isteach i bhFianna Fáil. Bhí sí ina seanadóir go dtí 1936. Fuair sí bás i 1941, agus cuireadh í i Reilig Glas Naíon.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “POWER, Jennie Wyse (?1862–1941) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Máire Ní Fhinneadha (8 Márta 2023). "Mná sa saol poiblí á gcomóradh ar stampaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.

Naisc sheachtracha cuir in eagar