Ramón del Valle-Inclán
Drámadóir agus úrscéalaí Spáinneach a bhí i Ramón María del Valle-Inclán (fíorainm: Ramón José Simón Valle Peña; rugadh i Vilanova de Arousa ar an 28 Deireadh Fómhair 1866 é, agus fuair sé bás i Santiago de Compostela ar an 5 Eanáir 1936). Bhí sé ar tús cadhnaíochta i ngluaiseacht na litríochta nua-aimseartha sa Spáinn, agus áirítear ar scríbhneoirí "Ghlúin na Bliana 98" é. Tá sé ar na scríbhneoirí is tábhachtaí i stair litríochta na Spáinne agus na dtíortha Spáinnise go léir. Bhí sé go tréan in aghaidh an réalachais sa litríocht, agus é ina radacach dhéanta ag cur catha ar an traidisiúnachas in amharclannaíocht na Spáinne.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Deireadh Fómhair 1866 Vilanova de Arousa, An Spáinn |
Bás | 5 Eanáir 1936 69 bliana d'aois Santiago de Compostela, An Spáinn |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse lamhnáin) |
Áit adhlactha | Cemetery of Boisaca (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Santiago de Compostela |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, drámadóir, scríbhneoir, úrscéalaí |
Ball de | |
Seánra | Esperpento (en) , filíocht agus cóiriú drámaí |
Gluaiseacht | Litríocht nua-aoiseach |
Teangacha | An Spáinnis agus an Ghailísis |
Teaghlach | |
Céile | Josefina Blanco (1907–1932) |
Páiste | Jaime Valle-Inclán Blanco |
Athair | Ramón del Valle |
Duine muinteartha | Javier Valle-Inclán Alsina (garmhac) |
|
I gcúrsaí polaitíochta, bhí sé ina ríogaí ar dtús, is é sin, bhí sé ag tacú le lucht an ríogachais, an dream a bhí ag iarraidh an rítheaghlach Búrbónach a chur i réim sa Spáinn in athuair (Carlismo an téarma Spáinneach). I rith na mblianta, áfach, chuaigh sé chun radacachais, agus d'iompaigh sé ina ainrialaí. Bhí an fhorbairt polaitíochta seo ag dul in éineacht le forbairt a chuid tuairimí i gcúrsaí ealaíne: i dtús báire, bhí sé ag déanamh aithrise ar na siombalaithe Francacha, ach de réir a chéile, chuaigh sé ag baint trialach as na clis is radacaí sa stáitsiú agus ina chuid scríbhinní. Ina chuid drámaí, bíonn an stáitse ag athrú go minic is go tobann, agus maisíocht de dhíth le treoracha an drámadóra a chur i gcrích.
Cé go raibh sé ina fhear mhór ceannairce ar an stáitse, b'éigean dó a chuid a shaothrú ag scríobh garrfhicsin. Fear driseogach a bhí ann, agus nuair a bhí troid aige le scríbhneoir eile, ghortaigh sé caol a leathláimhe go dona, ionas gurbh éigean an lámh go léir a bhaint de, nuair a tháinig athlasadh sa lámh.
Amach ó na drámaí, scríobh sé úrscéalta freisin. D'imir a úrscéal Tirano Banderas an-tionchar ar na húrscéalta faoi dheachtóirí a scríobhadh i Meiriceá Laidineach san fhichiú haois, cosúil le Yo el Supremo le hAugusto Roa Bastos. Maidir leis na drámaí, is iad Luces de Bohemia agus Divinas Palabras an dá cheann is tábhachtaí acu. Sna drámaí seo, chuir sé tús le coincheap nua drámaíochta sa Spáinn: esperpento, nó dráma anchúinseach a chuireann na carachtair i láthair mar a bheadh scigphictiúir iontu, agus a chaitheann go cruálach leis na scigcharachtair seo.