Is ionraoin nó góilín mór de Mhuir Éireannn í Bá Ceredigion, ag eangaigh chósta thiar na Breataine Bige idir Ynys Enlli, Gwynedd, sa tuaisceart, agus Pencaer, Sir Benfro, sa deisceart. Is í an bhá is mó sa Bhreatain Bheag í.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachBá Ceredigion
(en) Cardigan Bay
Cardigan bay graham well.jpg
Tipus
Part de Muir Éireann
Ubicació
Països de la conca An Bhreatain Bheag
 52°30′N 4°25′W / 52.5°N 4.42°W / 52.5; -4.42Comhordanáidí: 52°30′N 4°25′W / 52.5°N 4.42°W / 52.5; -4.42
Límits amb Aberystwyth
Afluents

Tá tránna go leor i bBá Ceredigion, agus fiadhúlra ar leith aige. Ó Chosán Cósta Cheredigion (Llwybr Arfordir Ceredigion) is minic gur féidir le duine deilfeanna bolgshrónacha , muca mara agus rónta glasa an Atlantaigh a thabhairt faoi deara.Tá an daonra is mó de na deilfeanna bolgshrónacha sa Ríocht Aontaithe lonnaithe sa bhá seo.

Tá go leor den chósta thart timpeall na bá ina thalamh fheirme thorthúil, poncaithe le bailte agus ionaid saoire cois farraige ar nós Abergwaun, Cei Newydd, Aberaeron, Llan-non, Aberystwyth, Y Borth, Aberdyfi, Tywyn, Abermaw, Porthmadog agus Pwllheli ar an Chósta Caimbriach.

Sreabhann na haibhneacha móra seo a leanas isteach sa bhá;Afon Glaslyn, Afon Teifi, Afon Rheidol, Afon Dyfi, Afon Aeron, Afon Dysynni agus Afon Mawddach.