Eiliosaibeit
Máthair Eoin Baiste, bean chéile Zacairiá, ab ea Eiliosaibeit[1]. Ba chol ceathrair iad Muire agus Eiliosaibeit[2]. Ba dheirfiúracha iad Anna, máthair Mhuire, agus Seismeiria, máthair Eiliosaibeit[3]. Is naomh í san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
Bhí mac ag Eiliosaibeit, an fear naofa mór le rá Eoin Baiste:
"Mhair sagart darbh ainm Zachairias agus a bhean Eiliosaibeit in aice Iarúsailéim, 400 bliain tar éis atógáil bhallaí na cathrach. Bhí siad pósta le blianta fada ach ní raibh aon chlann orthu. Lá amháin nuair a bhí Zachairias ag ofráil túise i sanctóir an teampaill, tháinig an t-aingeal Gaibriéil ina láthair. .. dúirt Gaibriéil leis: ‘.. Beidh mac ag do bhean, Eiliosaibeit, agus tabharfar Eoin mar ainm air. .. In am tráth, rugadh buachaill beag d’Eiliosaibeit"[4]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Matha 11:7-14; Lúcás 1:5-25, 57-79; Íseáia 40:3; Malaicí 3:1
- ↑ https://www.offidocs.com/loleaflet/dist/loleaflet.html?service=owncloudservice06&file_path=file:///var/www/html/weboffice/mydata/1517964/NewDocuments/1637255.ppt&username=1517964&ext=yes
- ↑ Blúire de shoiscéal apacrafúil Gaeilge a breacadh i mBréifne sa 14ú haois. Feasta 64 (12), Nollaig Ó Muraíle. 2011-12-01, Leathanach: 19-23
- ↑ https://www.jw.org/ga/foilseach%C3%A1in/leabhair/ceachtanna-on-mbiobla/11/zachairias-eiliosaibeit-eoin/
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |