Osclóidh seo an príomhroghchlár

Scríbhneoir clasaiceach Polannach ab ea Henryk Adam Aleksander Pius Sienkiewicz, nó Litwos, a saolaíodh i Wola Okrzejska ar an 5 Bealtaine 1846 agus a fuair bás i Vevey, an Eilvéis, ar an 15 Samhain 1916. Bhí an-ráchairt ar a chuid scríbhinní timpeall ar chasadh an chéid. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1905 mar gheall ar a mháistreacht mar scríbhneoir eipiciúil.

Henryk Sienkiewicz
Henryk Sienkiewicz.PNG
Portráid le Kazimierz Mordasewicz (1899)
Dáta breithe 5 Bealtaine, 1846
  Wola Okrzejska
Dáta báis 15 Samhain, 1916
  Vevey, an Eilvéis
Náisiúntacht Polannach
Gairm Úrscéalaí
Duaiseanna Duais Nobel (1905)

SaotharCuir in Eagar

ÚrscéaltaCuir in Eagar

An tríológ stairiúil (Trylogia):

  • Ogniem i mieczem ("Le tine is le claíomh", 1884)
  • Potop ("An Tuile", 1886)
  • Pan Wołodyjowski ("An tUasal Wołodyjowski", 1888)

Úrscéalta eile:

  • 1891 Bez dogmatu ("Gan dogma")
  • 1894 Rodzina Połanieckich ("Muintir Połaniecki")
  • 1896 Quo vadis ("Cá bhfuil do thriall")
  • 1900 Krzyżacy ("Na Crosáidirí")
  • 1906 Na polu chwały ("I Machaire an Áir")
  • 1910 Wiry
  • 1912 W pustyni i w puszczy