Bliain na gCeithre Impirí

Ba í Bliain na gCeithre Impirí (Laidin: Annus quattuor imperatorum), AD 69, an chéad chogadh cathartha a den Impireacht Rómhánach, nuair a rialaigh ceathrar impire as a chéile: Galba, Otho, Vitellius, agus Veaspáisian. Meastar gur eatramh tábhachtach í, ag marcáil an aistrithe ó na Iulia-Claudia, an chéad ríshliocht impiriúil, go dtí an ríshliocht Flavach. Chonacthas roinnt reibiliúnach agus éilitheoirí sa tréimhse, le dílseachtaí athraitheacha agus cúrsaí polaitíochta suaite sa Róimh agus sna cúigí.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBliain na gCeithre Impirí
Cineálcogadh cathartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deList of Roman civil wars and revolts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana69 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhImpireacht na Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Léarscáil d'Impireacht na Róimhe le linn 69 AD, Bliain na gCeithre Impirí. Léiríonn limistéir dhaite cúigí atá dílis do cheann de cheathrar ginearál a bhí i mbun cogaíochta.

Galba cuir in eagar

Thacaigh an Garda Praetóireach Galba[1] ar dtús. Níor mhair sé ach cúpla mí. Mharaigh Otho é ar 15 Eanáir 69 agus agus ghabh sé an chumhacht le lámh láidir.

anbhás Vitellius, le Henri-Augustin Gambard, 1847

Otho cuir in eagar

Tháinig, Otho[2] i gcomharbas ar Ghalba. Sheas ginearál eile, Vitellius, ina choinne don cheannaireacht. Fuair 40,000 bás i gcath Bedriacum, is cosúil.[3] Chuir Otho lámh ina bás féin.

Vitellius cuir in eagar

Ceapadh Vitellius[4] ina Impire in Aibreán na bliana 69. Ní raibh Vitellius i gcumhacht ach ar feadh cúpla mí. Cuireadh as oifig é le linn coup d’état agus Vespasian i mbun. Fuair Vitellius an bhás ar an 22 Nollaig 69.

Vespasian cuir in eagar

Tháinig Vespasian i gcomharbacht air. Ach thacaigh Vespasian le Vitellius ar dtús.[5] Tamaill ina dhiaidh, d'fhógair na hairm san Éigipt agus Iúdáia Vespasian mar impire ar an 1 Iúil.

Ina iarracht chun chumhacht a bhaint amach, nasc Vespasian a fhórsaí le Mucianus, gobharnóir na Siria, agus le Primus, ginearál i bPannonia, agus mháirseáil sé ar an Róimh.[5]

Vespasianus

Treoraigh Primus agus Mucianus fórsaí na bhFlaiviach i gcoinne Vitellius. Ar an 20 Nollaig 69, briseadh ar Vitellius, agus an lá dár gcionn dhearbhaigh an Seanad Vespasian ina Impire Rómhánach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Laidin: Servius Sulpicius Galba Caesar Augustus
  2. Laidin: Marcus Salvius Otho Caesar Augustus
  3. "Battle of Bedriacum" (as en) (2020-11-05). Wikipedia. 
  4. Laidin: Aulus Vitellius Germanicus Augustus
  5. 5.0 5.1 examinations.ie/ (2010). "AN ARDTEISTIMÉIREACHT 2010, Laidin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.