Veaspáisian
Impire Rómhánach ó AD 69 go AD 79 ab ea Veaspáisian (Laidin: Titus Flavius Caesar Vespasianus Augustus; 17 Samhain 9- 23 Meitheamh 79). B'eisean a bhunaigh an ríshliocht Flaiviach a rialaigh an Impireacht le cúig bliana fichead.
Veaspáisian | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||
38, 39 -
Nollaig 21, 69 - Meitheamh 24, 79 ← Vitellius - Titus → | |||||||||||
Saol | |||||||||||
Eolas breithe |
Falacrine (en) ![]() | ||||||||||
Náisiúntacht | An tSean-Róimh | ||||||||||
Bás |
Aquae Cutiliae (en) ![]() | ||||||||||
Áit adhlactha | An Róimh | ||||||||||
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | bás nádúrtha | ||||||||||
Muintir | |||||||||||
Athair | Titus Flavius Sabinus | ||||||||||
Máthair | Vespasia Polla | ||||||||||
Céile/Céilí |
Domitilla the Elder (en) ![]() | ||||||||||
Páirtí/Páirtithe |
Caenis (en) ![]() | ||||||||||
Páistí |
liosta iomláin
| ||||||||||
Siblíní |
liosta iomláin
| ||||||||||
Treibh |
Flavian dynasty (en) ![]() | ||||||||||
Oideachas | |||||||||||
Teangacha | An Laidin | ||||||||||
Gairm | |||||||||||
Gairm | polaiteoir agus saighdiúir | ||||||||||
Céim |
legatus (en) ![]() | ||||||||||
Creideamh | |||||||||||
Reiligiúin |
religion in ancient Rome (en) ![]() |
Is fearr aithne ar réimeas Vespasian mar gheall ar thionscadail tógála éagsúla uaillmhianacha, mar shampla an Colasaem. Chuir sé i bhfeidhm chomh maith leasúchán airgeadais tar éis meath an ríshleachta Iúil-Claudiach. Agus ba é siúd ba mhó a bhí taobh thiar de shocrú na síochána sa Phailistín agus Iúdáia.[1]
SaolCuir in Eagar
MuintirCuir in Eagar
Rugadh Vespasian i bhFalacrina (Latin: Falacrīnum nó vīcus Phalacrīnae), sa tír Saibíneach in aice le Reate. Ní raibh a theaghlach oirirce den chuid is mó agus bhí easpa ginealaigh acu. B'é a sheanathair athartha, Titus Flavius Petro, an chéad duine acu chun clú a tharraing air féin, ag ardú go dtí céim an taoisigh chéid (Laidin: centurio) agus throid sé ag Pharsalus (Greigis Ársa: Φάρσαλος) do Phoimpéas (Laidin:Gnaeus Pompeius Magnus) sa bhliain 48 BC. Ina dhiaidh, sin ba bhailitheoir fiachais é.
Ba ó shliocht theaghlach eachaíochta (Laidin:ordo equeste) é Vespasian, a bhfuair ardú céime isteach i gcéimíocht na seanadóirí, faoi na hImpirí de chuid an ríshliocht Iúil-Claudiach.
SaighdiúireachtCuir in Eagar
Cé gur shroich sé an gnáth comharbas mar oifigeach poiblí, ceapadh ina chonsul é sa bhliain 51 AD. Bhí ainm in airde aige mar cheannasaí rathúil míleata. Ghlac sé páirt in ionradh na Rómhánach ar an Bhreatain sa bhliain 43.
Bhí sé ina cheannasaí sa tSiria agus sa Phalaistín.[1] Chuir sé an Iúdáia faoi smacht le linn éirí amach na nGiúdach, sa bhliain 66. Ba é siúd ba mhó a bhí taobh thiar de shocrú na síochána sa Phailistín agus Iúdáia.
Seilbh ar an gcumhachtCuir in Eagar
Nuair a bhí Vespasian ag ullmhú chun chathair Iarúsailéim a chur faoi léigeár, chuir an t-impire Nearó lámh ina bhás féin, rud a thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air.
Tar éis bás tapa na n-impirí Galba (Laidin: Servius Sulpicius Galba Caesar Augustus), Otho (Laidin: Marcus Salvius Otho Caesar Augustus), a bhí i gcomharbas ar a chéile, ceapadh Vitellius (laidin: Aulus Vitellius Germanicus Augustus) ina Impire in Aibreán na bliana 69.
Thacaigh Vespasian le Vitellius ar dtús.[1] Ach níos déanaí, d'fhógair na hairm san Éigipt agus Iúdáia Vespasian mar impire ar an 1 Iúil.
Ina iarracht chun chumhacht a bhaint amach, nasc Vespasian a fhórsaí le Mucianus, gobharnóir na Siria, agus le Primus, ginearál i bPannonia, agus mháirseáil sé ar an Róimh.[1]
Treoraigh Primus agus Mucianus fórsaí na bhFlaiviach i gcoinne Vitellius. Ar an 20 Nollaig 69, briseadh ar Vitellius, agus an lá dár gcionn dhearbhaigh an Seanad Vespasian ina Impire Rómhánach.
LeasaitheoirCuir in Eagar
D’athchóirigh Veaspáisian cúrsaí airgeadais an stáit.[1] Ghearr sé siar ar nithe rabairneacha. Bhunaigh sé scoileanna agus thóg sé folcadáin. Thosaigh sé ag obair ar an gColasaem.
ComharbachtCuir in Eagar
Ar a bhás in aois 70 dó, sa bhliain 79, tháinig a mhac ba shine Títeas (Laidin:Titus Flavius Caesar Vespasianus Augustus ) i gcomharbacht air, mar sin, b'é an chéad Impire Rómhánach é a d'éirigh len a mhac féin dul i gcomharbas air.