An Impireacht Bhiosántach

(Athsheolta ó Impireacht Bhiosántach)

Ba í Impireacht na BiosáinteImpireacht Bhiosántach, dá ngairtear, uaireanta, Impireacht Rómhánach an Oirthir, comharba polaitiúil Impireacht na Róimhe san Oirthear, sa Chianaois Dhéanach agus sna Meánaoiseanna, nuair a bhí a príomhchathair Constantinople (nó Iostanbúl sa lá atá inniu ann, a bunaíodh ar dtús mar an Bhiosáint).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Impireacht Bhiosántach
Imperium Romanum (la)
Βασιλεία Ῥωμαίων (grc)
Romania (la)
Ῥωμανία (grc) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósCathair Chonstaintín Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 41°00′55″N 28°59′05″E / 41.0153°N 28.9847°E / 41.0153; 28.9847

PríomhchathairCathair Chonstaintín Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán17,000,000 (300) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Ghréigis
an Laidin
Gréigis na Meánaoise Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiúnan Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deImpireacht na Róimhe
Medieval Rome (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síImpireacht na Róimhe agus Impireacht na Róimhe Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú17 Eanáir 395
Díscaoileadh29 Bealtaine 1453
Á leanúint agÉimíríocht na Créite, an Impireacht Otamánach, Diúcacht Brescia agus Maona of Chios and Phocaea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht absalóideach agus Dominate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire stáitImpire Biosántach Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraSoladas (bonn) Cuir in eagar ar Wikidata

Chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í.

Ó tháinig sí ar an bhfód, ba í an Impireacht an fórsa eacnamaíoch, cultúrtha, agus míleata is cumhachtaí san Eoraip. Téarmaí staireagrafacha iad "Impireacht Bhiosántach" agus "Impireacht Rómhánach an Oirthir", a cruthaíodh tar éis dheireadh a flaitheas; lean a cuid saoránach ag tagairt dá n-impireacht mar an "Impireacht Rómhánach" (An tSean-Ghréigis: Βασιλεία τῶν Ῥωμαίων, Basileia Tôn Rhōmaiōn): (Laidin:Imperium Romanum), nó "Romania" (Ῥωμανία), agus orthu féin mar "Rómhánaigh".

Ba chor cinniúnach é roinnt imeachtaí a tharla ón 4ú go 6ú haois a rianaigh an tréimhse trasdula i ndeighilt Impireacht na Róimhe ina dhá leath, an Oirthear Gréagach agus an Iarthar Laidineach. D'atheagraigh Constaintín I (r. 324-337) atheagrú an Impireacht, D'fhógair sé go mbeadh Constantinople ina phríomhchathair nua, agus go mbeadh an Chríostaíocht dleathach. Faoi Teodaisias I (r. 379-395), tháinig an Chríostaíocht i dtreis mar reiligiún oifigiúil an stáit agus toirmeascadh cleachtais reiligiúnacha eile. Ar deireadh, faoi réimeas Haracleas (r. 610-641), cuireadh athstruchtúrú míleata agus riaracháin i bhfeidhm an Impireacht agus ghlacadh leis an Ghréigis le haghaidh úsáide oifigiúla in ionad na Laidine.

Dá bhrí sin, cé gur lean an stát Rómhánach agus coinníodh traidisiúin an stáit Rómhánach, déanann staraithe an lae inniu idirdhealú idir an Bhiosáint agus an tSean-Róimh sa mhéid go raibh sí dírithe ar Chonstantinople, dírithe i dtreo chultúr na Gréige seachas chultúr na Laidine, agus go raibh an creideamh ortadocsach mar chomhartha sóirt aici.

Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach. Níor mhair an Laidin ina mbéal, áfach, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Ba é Diocletianus, a tharraing siar ó chúrsaí an rialtais sa bhliain 305, an tImpire Rómhánach deireanach a bhí i gceannas ar Impireacht an Iarthair agus Impireacht an Oirthir ina aonar ó chathair na Róimhe. I ndiaidh a lae, scar dhá leath na hImpireachta - leath na Róimhe agus leath Chathair Chonstaintín - as a chéile, agus an bheirt acu ag tabhairt "Impireacht na Róimhe" orthu féin. Ba í Impireacht an Oirthir a mhair go dtí an bhliain 1453.