Naomh Dáibhí

éarlamh na Breataine Bige

Is é Naomh Dáibhí (tuairim is 500 – c. 589) éarlamh na Breataine Bige (nó Naomh Dáithí, Saint David i mBéarla agus Dewi Sant sa Bhreatnais). Ceiliúrtar Lá Fhéile Dáibhí (Dydd Gŵyl Dewi) ar an 1 Márta, an lá a cailleadh é, b'fhéidir.

Infotaula de personaNaomh Dáibhí

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(cy) Dewi Sant Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith512
Sir Benfro Cuir in eagar ar Wikidata
Bás589
76/77 bliana d'aois
Tyddewi Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmsagart Caitliceach, easpag Caitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidIlltud
TeangachaAn Bhreatnais
Ardú
Lá féile1 Márta Cuir in eagar ar Wikidata
Fearann an naoimh nó an déAn Bhreatain Bheag
Teaghlach
AthairSant ap Ceredig  agus Non

Níl mórán eolais againn faoi. Is cinnte go raibh cónaí air sa Bhreatain Bheag agus go raibh sé ina Bhreatnach ar a laghad don cheathrú cuid. Dar leis an traidisiún rugadh é i Henfynyw in aice le hAberaeron, ach tá tagairtí do thraidisiún eile ina ndeirtear gur rugadh é in aice le hArdeaglais Dháibhí Naofa an lae inniu.

Tá iarsmaí scríne ina onóir in Ardeaglais Naomh Dáibhí in Abergwaun in iardheisceart na tíre. Deirtear gur bhunaigh sé an Ardeaglais sin. Tógadh an scrín i 1275, ach scriosadh í san Athrú Creidimh. Ní dhealraíonn sé go bhfuil cnámha Naomh Dáibhí ar an suíomh.

Tuismitheoirí

cuir in eagar

Is naomh í a mháthair freisin agus b'é Sandde, a bhí ina Rí ar Shír Cardigan, a athair.

Ba í Naomh Non máthair Naomh Dáibhí. Tá iarsmaí ann de shéipéal beag atá tiomnaithe di. Tá tobar le feiceáil cóngarach go maith don séipéal. Deirtear go raibh spéirling nó babhta drochaimsire ann nuair a tháinig Naomh Dáibhí ar an saol, agus gur oscail an tobar seo idir cosa Naomh Non. Creidtear go bhfuil leigheas le fáil ó uisce an tobair sin.

Nasc seachtrach

cuir in eagar