Aimsir (meitéareolaíocht)

Is é atá i gceist leis an aimsir ná gach feiniméan a tharlaíonn in atmasféar pláinéid. I gcás na Cruinne seo againne; áirítear an ghaoth, stoirmeacha, an bháisteach/an fhearthainn, an flichshneachta, clocha sneachta agus an sneachta féin mar mórtharlúintí aimsire, a tharlaíonn sa trópaisféar nó ag bun an atmaisféir.

Is iad na héagsúlachtaí i bhfuinneamh na gréine is cionsiocair leis an aimsir. De bharr na n-uillinneacha éagsúla ag a mbuaileann gathanna na gréine an chruinne; is éagsúil dá réir a mhéad agus a théatar cearnaí an domhain. Gineann sé sin éagsúlachta teochta, as a n-eascraíonn gaotha an domhain chomh maith le gach cineál aimsire eile (go hindíreach).

Is iad na cúiseanna díreacha don aimsir ná an teocht, an tais, brú atmaisféarach, scamallbhrat, luas na gaoithe agus airde an cheantair faoi leith. Is é an téamh athraitheach an tionchar is mó ar gach aon cheann acu seo, diomaite den airde.

Aimsir na hÉireann

cuir in eagar
 
Fearthainn ː bóthar Churchtown agus Sliabh Gallion

Sa bhliain 2018, bhí taighde foilsithe faoin aimsir in Éirinn, a thug eolas dúinn ar an aimsir le 300 bliain anuas ar an oileán[1]. Tá eolas ann faoin mbáisteach ó 1711 go 2016. De réir figiúirí atá curtha le chéile ag taighdeoirí, is cosúil go bhfuil níos mó báistí ag titim sa tír le deich mbliana anuas ná mar a bhí roimhe sin.

Mar shampla, bhí méadar báistí ag Thomas Neve i nDoire in 1711. Bhailigh sé féin agus daoine eile eolas faoin aimsir agus tá sé in úsáid sa tuairisc nua.[2] Tháinig na taighdeoirí ar an eolas in oifigí Met Éireann trí thimpiste.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. [ https://www.clim-past.net/14/413/2018/cp-14-413-2018-discussion.html Conor Murphy et al.,    A 305-year continuous monthly rainfall series for the island of Ireland (1711–2016)] 
  2. Eleathanach 290