Cnapanna oighir a thiteann thar réigiún réasúnta teoranta in aimsir the ag tús stoirm toirní. Séidtear braon báistí suas, reonn, agus déanann núicléas cloch sneachta. Iompraítear núicléis mar seo suas is síos ag gaotha clampracha, iad ag fás de réir a chéile go mbíonn trom a dhóthain chun titim ar an talamh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Clocha sneachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 145.