Spéirling
Stoirm thrópaiceach dhian is ea Spéirling, go minic millteach, a tharlaíonn mar chuilithe ag déanamh bíse mórthimpeall ar chóras brú ísil[1].
Bíonn luasanna na ngaoth an-ard inti (os cionn 130 km u-1 agus ≥ 14 ar an scála Beaufort), ach i lár na bíse (croí na stoirme) bíonn an aimsir ciúin.
Tosaíonn spéirlingí os cionn aigéan trópaiceach, de ghnáth idir Iúil is Deireadh Fómhair, agus gluaiseann siar nó siar ó thuaidh sa leathsféar thuaidh, siar nó siar ó dheas sa leathsféar theas, agus cailleann fuinneamh nuair a thagann i dtír.
AinmneachaCuir in Eagar
- Tugtar tíofún ar spéirling in iarthuaisceart an Aigéin Chiúin.
- Tugtar cuaranfa ar spéirling i mBá na Beangáile.
Gach bliain ainmnítear na spéirlingí le hainmneacha in ord aibítreach (ach litreacha tearca mar Q is X a fhágáil ar lár) chun míthuiscint a sheachaint nuair a bhíonn níos mó ná ceann amháin ann ag an am céanna.
Úsáidtear ainmneacha difriúla san Atlantach, oirthear an Aigéin Chiúin, agus lár an Aigéin Chiúin.
Féach freisinCuir in Eagar
Hairicíní móraCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |