Is córas traenach faoi thalamh é Meitreo Mhaidrid (Spáinnis: Metro de Madrid), 293km fad agus an 14ú córas is faide ar domhan. Tá 1,705 staighre beo agus 529 ardaitheoir sa chóras.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Meitreo Mhaidrid

Íomhá
Sonraí
CineálMeariompar
Cuid deConsorcio Regional de Transportes de Madrid (en) Aistrigh
Foirgníocht1919 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla17 Deireadh Fómhair 1919 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Staid úsáidein úsáid
Tomhas293 (fad) km
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinComhphobal Mhaidrid, An Spáinn
Le cuidMadrid Metro Line 1 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 10 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 9 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 11 (en) Aistrigh
Ramal (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 12 (en) Aistrigh
Lacoma (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 8 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 6 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 2 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 7 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 3 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 5 (en) Aistrigh
Madrid Metro Line 4 (en) Aistrigh
Madrid Nuevo Norte line (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
ÚinéirConsorcio Regional de Transportes de Madrid (en) Aistrigh
OibreoirMetro de Madrid S.A. (en) Aistrigh, Metros Ligeros de Madrid, S.A. (en) Aistrigh, Metro Ligero Oeste (en) Aistrigh agus rail transportation in Madrid (en) Aistrigh
Cuairteoirí626,400,000 (2017)
677,500,000 (2019)
Suíomh gréasáin oifigiúilmetromadrid.es
Facebook: metrodemadrid Twitter: metro_madrid Instagram: metro_madrid LinkedIn: metro-de-madrid Cuir in eagar ar Wikidata

Tiomáineann traenacha an meitreo ar thaobh clé na ráillí mar thiomáin trácht i Maidrid ar an taobh clé roimh an mbliain 1924, cúig bliana i ndiaidh oscailt an chórais.

Oibríonn na traenacha ó 6r.n. go dtí a dó a chlog ar maidin gach lá. Níor fhan sé oscailte na 24 huair ach amháin i rith World Pride 2017 agus i rith na stoirme shneachta i 2021.

D'oscail córas tram, darbh ainm Metro Ligero ("meitreo éadrom") sa bhliain 2007. Oibríonn an córas coimitéaracht "Cercanías" in éineacht leis an meitreo.

Léarscáil an chórais cuir in eagar

 

Línte cuir in eagar

Tá 302 stáisiún ann agus 12 líne.

Líne Cinn

Scríbe

Fad Uimh..

Stáisiúin

Tomhsaire

Traenach

Rothstoc
 
Pinar de Chamartín -

Valdecarros

23.876 km 33 Caol CAF s. 2000A
 
Cuatro Caminos - Las Rosas 14.031 km 20 CAF s. 3000
 
Moncloa - Villaverde Alto 16.424 km 18 CAF s. 3000
 
Argüelles - Pinar de Chamartín 16.0 km 23 CAF s. 3000
 
Alameda de Osuna -

Casa de Campo

23.217 km 32 CAF s. 2000A & 2000B

CAF s. 3000

 
Circular (ciorclach) 23.472 km 28 Leathan CAF s. 5000

CAF s. 8400

 
Pitis -

Estadio Metropolitano - Hospital de Henares

32.919 km 31 AnsaldoBreda s. 9000
 
Nuevos Ministerios -

Aeropuerto T4

16.467 km 8 CAF s. 8000
 
Paco de Lucía -

Puerta de Arganda -

Arganda del Rey

39.5 km 29 CAF s. 5000

AnsaldoBreda s. 7000 & 9000 CAF s. 6000 (TFM)

 
Hospital Infanta Sofía -

Tres Olivos -

Puerta del Sur

36.514 km 31 AnsaldoBreda s. 7000 & 9000

CAF s. 8000

 
Plaza Elíptica - La Fortuna 8.5 km 7 CAF s. 8000
 
MetroSur (ciorclach) 40.96 km 28 CAF s. 8000

AnsaldoBreda s. 9000

 
Ópera - Príncipe Pío 1.092 km 2 Caol CAF s. 3000
  ML1 Pinar de Chamartín - Las Tablas 5.395 km 13 Tram Alstom Citadis 302
  ML2 Colonía Jardín - Estación de Aravaca 8.680 km 16
  ML3 Colonía Jardín - Puerta de Boadilla 13.699 km 15
  ML4 Tram Parla (ciorclach) 8.3 km 15

Táillí cuir in eagar

 
Léarscáil de na zóin táille sa Chomhphobal.

Tá an chuid is mó den meitreo istigh i zón A.

Úsáistear cárta iompar poiblí (Tarjeta Multi) chun ticéid a lódáil. Cosnaíonn sé €2.50 ag na meaisín ticéid a bhliain 2022.

Is féidir ticéad singil a cheannach, idir €1.50 agus €2. €1.50 i zón A don chéad 5 stáisiún agus 10 ceint le haghaidh gach stáisiún ina dhiaidh, le huasmhéid €2 le níos mó ná 10 stáisiún. Is féidir 10 dticéad a cheannaigh a chosnaíonn €12.20 atá níos saoire ná ticéad amháin a cheannach. Tá na ticéid seo bailí ar na busanna freisin.

Tá pas míosúil ar fáil. Taispeántar na praghsanna sa bhliain 2022 sa tábla thíos:

Pas/ Zón A B1 B2 B3 C1 C2 E1 E2
Gnáth €54.60 €63.70 €72 €82 €82 €82 €110.60 €131.80
Daoine óga (7-25) €20
Pinsinéirí (>65) €3.30 - -

Síntí don chóras cuir in eagar

Tá roinnt síntí pleanáilte.

Líne 3 cuir in eagar

Tá sé deimhnithe líne a 3 a shíneadh ó Villaverde Alto sa deisceart go dtí El Casar i Getafe. Beidh ceangal ann le líne 12 (MetroSur) agus líne C-3 den Cercanías. Tosaíonn na hoibreacha tús 2022.

Líne 5 cuir in eagar

Tá plean ag Comhphobal Mhaidrid líne a 5 a shíneadh go dtí Aeropuerto T1-T2-T3, áit a bheidh ceangal leis an aerfort agus líne a 8.

Líne 11 cuir in eagar

Cuirfear tús le hoibreacha chun líne a 11 a shíneadh sa dara leath de 2022, Plaza Elíptica, go dtí Valdebebas i dtuaisceart na cathrach. Tógfar an chéad chuid ó Plaza Elíptica go dtí Conde de Casal roimh 2024. Beidh dhá stáisiún nua ann: Comillas agus Madrid Río, agus beidh ceangal le líne a trí i Palos de la Frontera, le líne a sé i gConde de Casal agus le líne 1 agus Cercanías in Atocha. Beidh síneadh ann chomh maith go Cuatro Vientos, áit a bheidh ceangal ann le líne 10 agus Cercanías.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar