Is cineál iompair phoiblí ardtoillte é córas meariompair,[2] ar a dtugtar mearchóras iarnróid, iarnród trom, nó meitreo freisin, a thógtar go ginearálta i gceantair uirbeacha. Tugtar iarnród faoi thalamhfobhealach ar chóras meariompair a ritheann go príomha faoi thalamh.[3][4][5][6] Baintear úsáid as traenacha, cinn leictreacha de ghnáth, i gcórais mheariompair, in áit busannatramanna. Ritheann na traenacha ar a gceart slí féin, agus nach féidir le coisithe ná le feithiclí iad a úsáid.[7]

Traein DART ag Stáisiún Uí Chonghaile
Meitreo Pháras agus an RER[1] an córas is mó ó thaobh líon stáisiún ar domhan

Sa lá atá inniu ann, soláthraítear seirbhísí meariompair ar línte sainithe idir stáisiúin a úsáideann traenacha leictreacha ar ráillí iarnróid de ghnáth. I gcásanna áirithe, úsáidtear boinn rubair threoraithe, traenacha ardaithe le maighnéadas, nó traenacha aonráille. De ghnáth, bíonn ardáin arda sna stáisiúin, gan céimeanna taobh istigh de na traenacha, rud a éilíonn traenacha saincheaptha chun bearnaí idir an traein agus an t-ardán a laghdú. Go hiondúil, déantar comhtháthú idir an córas meariompair agus córais iompair phoiblí eile, agus is minic a oibríonn na húdaráis iompair phoiblí chéanna iad.

Stair cuir in eagar

Ba é an Metropolitan Railway i Londain an chéad chóras meariompair ar domhan. D'oscail sé in 1863, agus bhain sé úsáid as traenacha gaile ag an am sin. Is cuid den London Underground é anois.[8]

Sa bhliain 1868, osclaíodh iarnród ardaithe i gCathair Nua-Eabhrac darb ainm an "West Side and Yonkers Patent Railway"; d'úsáid sé innill ghaile chun na traenacha a tharraingt ar cháblaí.

Ollchathracha cuir in eagar

Sa lá atá inniu ann, tá níos mó córas meariompair sa tSín ná in aon tír eile — 40 córas ar fad[9] a ritheann ar níos mó ná 4500 km ráillí.[10][11][12] Is é Meitreo Shang-hai an córas meariompair is faide ar domhan.[13]

Is é Subway Chathair Nua-Eabhrac an córas is mó ó thaobh líon stáisiún sna Stáit Aontaithe (472 stáisiún san iomlán)[14] agus is é Meitreo Pháras agus an RER[1] an córas is mó ó thaobh líon stáisiún ar domhan (os cionn 550).

Is iad Meitreo Shang-hai, córas meariompair Thóiceo, Meitreo Shúl, an líne RER A i bPáras agus Meitreo Mhoscó na córais is gnóthaí ó thaobh líon paisinéirí.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Réseau express régional d'Île-de-France" (as fr) (2024-02-23). Wikipédia. 
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “rapid transit — Aistriúchán Gaeilge ar rapid transit (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-03-24.
  3. Rapid transit”. Merriam-Webster. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-07-20. Dáta rochtana: 2013-07-31.
  4. UITP (2011). “Recommended basic reference for developing a minimum set of standards for voluntary use in the field of urban rail, according to mandate M/486”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-22. Dáta rochtana: 2014-02-16.
  5. Glossary of Transit Terminology”. American Public Transportation Association. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-12. Dáta rochtana: 2013-07-31.
  6. Fouracre, Phil (2003). "Mass rapid transit systems for cities in the developing world". Transport Reviews 23 (3): 299–310. Taylor & Francis Online. doi:10.1080/0144164032000083095. Dáta rochtana: 2 April 2023. 
  7. Rapid Transit”. Encyclopædia Britannica. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-10-17. Dáta rochtana: 2014-11-28.
  8. Transport for London (1981). "London Underground: History". Capital Transport. ISBN 978-0-904711-30-1. Dáta rochtana: 2013-01-02. 
  9. Luoyang and Ji'nan open metro lines” (en). International Railway Journal (2021-03-29). Dáta rochtana: 2021-06-07.
  10. Metro Data”. metro-data.info. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-09-29. Dáta rochtana: 2018-09-28.
  11. "China’s Metro Boom Continues to Drive Rapid Transit Growth - Institute for Transportation and Development Policy". web.archive.org (2018-11-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-20. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  12. "Rapid Transit Trends Show Record Growth in 2016, with Huge Increases in China, Brazil - Institute for Transportation and Development Policy". web.archive.org (2018-10-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-23. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  13. "New Starts: Shanghai Metro World’s Longest, Panama Canal Drama, Japan’s Maglev – Next City". web.archive.org (2014-09-25). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-09-25. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  14. Facts – Subway and Bus Ridership”. Metropolitan Transportation Authority (MTA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-09-12. Dáta rochtana: 2014-09-21.