Corazon Aquino
Uachtarán ar Phoblacht na nOileán Filipíneach ab ea Maria Corazon "Cory" Sumulong Cojuangco Aquino (25 Eanáir, 1933 – 1 Lúnasa, 2009), idir na blianta 1986 agus 1992. Tugtar "Máthair an Daonlathais" uirthi, agus ba ise an chéad bhean a bhí ina huachtarán sa tír seo, nó in aon tír eile san Áise.
Saol
cuir in eagarChuaigh Aquino isteach sa pholaitíocht don chéad uair nuair a feallmharaíodh a fear céile, an Seanadóir Benigno Aquino, Jr. (1932–1983), agus é ag iarraidh deireadh a chur le ceannasaíocht uathlathach an Uachtaráin Ferdinand Marcos.
Toghchán 1986
cuir in eagarCé nach raibh aon taithí polaitiúil aici agus nach raibh inti ach bean tí simplí, mar a dúirt sí féin, d'éirigh sí chun a bheith mar an duine ba shuntasaí sa ghluaiseacht in aghaidh Marcos. Chuaigh sí isteach san iomaíocht mar iarrthóir sna toghcháin uachtaránachta sa bhliain 1986.
Nuair a chaill Aquino an toghchán Uachtaránachta, bhí formhór mór na bhFilipíneach den tuairim go raibh torthaí na vótála cóirithe ag Marcos. D'éirigh cuid de na fórsaí armtha amach in aghaidh Marcos, agus fuair siad tacaíocht na sibhialtach, a chuaigh amach sna sráideanna ag agóidíocht.
Sa deireadh thiar thall, b'éigean do Marcos an tír a fhágáil, agus gaireadh Uachtarán de Corazón Aquino.
Fógraíodh Marcos mar bhuaiteoir, ach tuairiscíodh go raibh calaois toghcháin ag baint leis, agus insealbhaíodh ina huachtarán í tar éis "réabhlóid" síochánta.
Fuair Aquino ainmniúchán do Duais Nobel na Síochána sa bhliain seo, agus roghnaíodh í mar "Bhean na Bliana" san iris Time.
Uachtaránacht
cuir in eagarIn huachtarán di, cuireadh an daonlathas ar ais i bpolaitíocht na tíre. Dréachtaíodh bunreacht nua a chuir srianta ar chumhachtaí an uachtaráin agus a chuir béim níos mó ar shaoirsí shibhialta.
Ag an am céanna, chuir iarrachtaí ón airm éirí amach a dhéanamh go mór isteach ar a théarma mar uachtarán, rud a chuir stad le filleadh iomlán ar shocracht pholaitiúil agus ar fhorbairt gheilleagrach.
An freasúra
cuir in eagarI ndiaidh na réabhlóide seo féin - Réabhlóid EDSA, mar a thugtar uirthi (is ionann EDSA agus Epifanio de los Santos Avenue, an tsráid is mó i Mainile) - níor tháinig mórán feabhais ar chúrsaí na tíre. Nuair a bhí Aquino ina hUachtarán, bhí iar-lucht leanúna Marcos ag bagairt coup d'état uirthi ó am go ham.
Na treallchogaithe Cumannacha a bhí ag troid go brúidiúil faoin tuath ó laethanta Marcos anuas, níor éirigh siad as an gcath i ndiaidh Réabhlóid EDSA, agus mar aisfhreagra, tháinig gluaiseacht fhoréigneach fhrith-Chumannach, Alsa Masa[1], ar an bhfód agus í ag ionsaí is ag marú daoine éigiontacha go minic ar an tsiocair gur "Cumannaigh" a bhí iontu.
Níos déanaí, thosaigh an mionlach Moslamach féin ag dul chun cearmansaíochta ar an rialtas agus dreamanna treallchogaíochta a chur ar bun.
Bás
cuir in eagarBhí Aquino ag fulaingt le hailse le tamall fada, agus d'éag sí dá bharr ar an 1 Lúnasa, 2009.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |