Vacsaíniú
Cóireáil leighis is ea an vacsaíniú, a spreagann an cholainn chun antashubstaintí a chruthú mar ionsaí ar ghalrú ar leith, agus imdhíonacht a spreagadh sa cholainn i gcoinne an ghalraithe is an ghalair iarrnharaigh[1].
![]() ![]() | |
CIM-9-MC | 99.3 agus 99.5 ![]() |
---|---|
MeSH | D014611 ![]() |
SábháilteCuir in Eagar
Is bealach sábháilte agus éifeachtach é vacsaíniú (ar a dtugtar imdhíonadh chomh maith) chun cabhrú leis an gcorp galair áirithe a sheachaint nó chun troid ina gcoinne.
Éifeachtach maidir le raon leathan galar: faoi seo tá vacsaíní rathúla saothraithe ar eitinn scamhóige, bolgach, polaimiailíteas, teiteanas, diftéire, bruitíneach, plucamas is bruitíneach dhearg. Tá an bholgach stoite ar fud an domhain anois.
Ó 1998 tá conspóid sa Bhreatain maidir leis an vacsaín cumasc MMR i gcoinne bruitíní, plucamais is bruitíní deirge, de bharr ceangail a mheas máinlia amháin a bheith idir í is uathachas. Ach b'fhalsaitheacht é seo agus níor bhraith aon taighdeoir eile aon fhianaise go bhfuil ceangal mar sin ann[2].
EolaíochtCuir in Eagar
Spreagann na vacsaíní an corp le hantaibheathaigh a tháirgeadh. Is iad na hantaibheathaigh córas cosanta nádúrtha an choirp le troid in éadan galar ionfhabhtaíoch.
Tá an t-imdhíonadh ina chuidiú leis an chorp a choinneáil réidh leis an ionfhabhtú a chosc má bhíonn teagmháil ag an duine leis an ghalar. Tar éis an bhabhta éadroim den ghalar, fanann antashubstaintí sa cholainn chun imdhíonacht a thabhairt ina choinne.
Déantar vacsaíní ar an iliomad bealaí ag baint úsáide as cuid de fhrídín nó de víreas is cúis le galar. Ní féidir leo an galar a gcosnaíonn siad ina choinne a thabhairt don té a thógann iad, ach go fíorannamh (vacsaín polio béil amháin). Cosnaíonn na vacsaíní a thugtar ag 2, 3 agus 4 mhí d’aois do pháiste ar shé ghalar éagsúla: polaimiailítis, diftéire, teiteanas, triuch, Hib agus meiningeacocúil grúpa C.
Is ionann vacsaíniú agus ionaclú dáileog éadrom den ghalar, is é sin baictéir nó víris lagaithe nó rnharbha de.
VacsaíníCuir in Eagar
Vacsaín bhéilCuir in Eagar
Vacsaín a shlogtar.
Vacsaín bheo tanaitheCuir in Eagar
Seo vacsaín a dhéantar ó víreas beo a mionathraíodh chun nach mbeadh sé baolach níos mó. Ar na vacsaíní beo sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá polio béil, MMR agus BCG. Is vacsaíní leo iad fiabhras buí agus sórt amháin den vacsaín tíofóideach.
Vacsaín chomhchuingeachCuir in Eagar
Seo vacsaíní a dhéantar as cuid den fhrídín agus a chuingrítear le próitéin (e.g. teiteanas nó diftéire). Dá dheasca sin oibríonn na vacsaíní seo níos fearr agus feidhmíonn siad thar tréimhse ama níos faide. Ar na vacsaíní comhchuingeacha sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá Hib agus Men C.
Vacsaín dhíghníomhaitheCuir in Eagar
Seo vacsaíní a tháirgtear ó fhrídín a mharaítear nó ó thocsain, nó ón dá cheann, nó ag baint úsáide as codanna den fhrídín mar vacsaíní comhpháirteacha nó mar vacsaíní comhchuingeacha.
Vacsaín le tocsóidach annCuir in Eagar
Seo vacsaíní a dhéantar as tocsain (nimh) atá anois neamhbhaolach. Is vacsaíní le tocsóideach iontu iad diftéire agus teiteanas.
Vacsaín maraitheCuir in Eagar
Seo vacsaíní a dhéantar nuair a mharaítear frídín nó víreas is cúis le galar. Ar na vacsaíní maraithe atá sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá triuch lánchealach agus polio díghníomhaithe. Is vacsaín maraithe é tíofóideach freisin.
StairCuir in Eagar
Bíodh is go raibh eolas ag na Sínigh ar éifeacht an ionaclaithe i gcoinne na bolgaí sa 16ú céad, d'fhionn Edward Jenner (1749-1823) an teicníc sa Bhreatain i 1798.
D'fheabhsaigh Louis Pasteur (1822-1893) é ina dhiaidh sin.
Féach FreisinCuir in Eagar
- http://www.healthpromotionagency.org.uk/Resources/parentschild/immunisation/pdfs/teenirish.pdf
TagairtíCuir in Eagar
- Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |