Vacsaíniú comhcheangailte a thugtar do pháistí óga ó 1972 i leith is ea an vacsaín MMR (Bruitíneach, Leicneach / Plucamas, Bruitíneach dheargMeasles, Mumps and Rubella i mBéarla[1]).

WD Bosca Sonraí DrugaVacsaín MMR
Sonraí cliniciúla
Ainm trádálaPriorix agus M-M-RVAXPRO
MedlinePlus007603
Grúpa cógaseolaíochtaattenuated vaccine (en) Aistrigh agus combined vaccine (en) Aistrigh
Cód ATCJ07BD52

Scaipeann an bhruitíneach go scafánta i measc daoine gan an vacsaín MMR. Tugtar dáileog timpeall 13-15 mí d'aois, agus an dara dáileog ag 4-5 bliain d'aois. Go dtí 2007, tugadh cuid mhaith thar 500 milliún dáileog i 90 tír.

Sábháilteacht cuir in eagar

Tá an vacsaín sábháilte inti féin. agus is fiú go mór an chosaint sláinte a thugann sí do pháiste.[2] Tógadh conspóid mar gheall uirthi sa Bhreatain timpeall 1998 tar éis staidéir ar pháistí a spreag imní go raibh sí baolach.

 

Mar thoradh, bhí cuid mhaith tuismitheoirí nár thoiligh go vacsaíneofaí a bpáistí. Ach cruthaíodh nach raibh an staidéar iontaofa ar chor ar bith, agus níor éirigh le haon taighdeoirí eile torthaí mar sin a fháil.[3]

An MMR in Éirinn cuir in eagar

Is é an vacsaín MMR an t-aon chosaint ar an mbruitíneach ach níl an oiread leanaí in Éirinn á fháil anois agus a bhíodh.

Molann an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go tréan do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil an vacsaín MMR faighte ag a gcuid páistí. Tháinig "ardú suntasach" ar chásanna den tinneas in áiteanna sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn le linn na 2020idí. Ní mór do 95% den phobal an chosaint a fháil le sláinte an daonra go léir a chinntiú.[4]

Bhí an bhruitíneach fairsing in Éirinn go dtí na 1960idí. Mar shampla, bhí an bhruitíneach ar Dubhghlas de hÍde ina pháiste (agus dá bharr sin, is sa mbaile, óna athair, a fuair sé a chuid bunoideachais).[5]

 
Centers for Disease Control, SAM

Ag deireadh an fichiú haois, bhí clár cuimsitheach vacsaínithe curtha i bhfeidhm agus bhí an bhruitíneach beagnach díbeartha ar fad as an tír.[6][7][8]

Bréagnuacht agus bás cuir in eagar

Tháinig an galar ar ais sa 21ú haois nuair a scaipeadh bréagnuacht faoi.[9] Fuair Pat Gorman, tiománaí le Bus Éireann, bás le bruitíneach ar 7 Feabhra 2024.[10][11][12]

De réir staidéir a rinne an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte in 2023/2024, ní raibh aon chosaint ar an mbruitíneach ag 11% de dhaoine fásta idir 18-34 bliain, agus bhí an céatadán 18% i measc fir óga idir 18-19 bliain. Meastar nach bhfuair cuid de na daoine sin an vacsaín MMR nuair a bhí siad ina leanaí mar gheall ar scéal mícheart a bhí á chraobhscaoileadh ag an am go bhféadfadh baint a bheith ag an vacsaín le huathachas. Is é is dóichí go bhfuil daoine a rugadh roimh 1978, go bhfuil siad imdhíonta ar an mbruitíneach.

Is é an vacsaín MMR an t-aon chosaint ar an mbruitíneach ach níl an oiread leanaí in Éirinn á fháil anois agus a bhíodh. Is é 95% den daonra an sprioc-chéatadán atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Dhearbhaigh an Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an tOllamh Breda Smyth, nár mhór an vacsaín MMR a bheith faighte ag 95% den phobal ar a laghad le ráig a chosc. Ar an drochuair, ní raibh an vacsaín faighte ach ag thart ar 90% de leanaí ar bhonn náisiúnta idir 2021-2023. Bhí an ráta chomh híseal le 80%, nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe.[13]

I mí an Mhárta 2024, chuir an Rialtas plean gnímh in aghaidh na bruitíní. Tairgeadh vacsaín in aghaidh na bruitíní do bhreis agus 300,000 duine sa Stát.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""mmr"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  2. "Safety Information for Measles, Mumps, Rubella (MMR) Vaccine | CDC" (en-us). www.cdc.gov (2020-01-29). Dáta rochtana: 2020-04-06.
  3. Hussey, Matt (2011). "Vacsaín bruitíní/leicní/bruitíní deirge". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 95.
  4. Nuacht RTÉ (2024-01-29). "Imní faoi 'ardú suntasach' den bhruitíneach san Eoraip" (as ga-IE). 
  5. "Dubhghlas de hÍde". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  6. "Cás den bhruitíneach aimsithe" (as ga) (2016-05-12). 
  7. "Sláinte an Daonra" (en). HSE.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-10. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  8. Idir 2004 agus 2007, bhí rátaí imdhíonta do leanaí de dhá bhliain d’aois idir 87.5% do bhruitíneach, phlucamas agus bhruitíneach dhearg (MMR) go meán de 92% do na vacsaíní eile.
  9. "Limerick health chiefs warn of measles outbreak due to low vaccine uptake" (en). BreakingNews.ie. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  10. Julieanne Corr (2024-03-04). "Get the vaccine, plead family of Irish measles victim" (en). Dáta rochtana: 2024-03-04.
  11. thesun.ie/ (2024-02-25). "Heartbreaking tributes paid to 'friendliest' bus driver who died from measles" (en-ie). The Irish Sun. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  12. "Condolence Book for Pat Gorman (Milltownpass, Westmeath) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  13. Nuacht RTÉ (2024-02-08). "Duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean" (as ga-IE).