Bruitíneach
Galar tógálach is ea an bhruitíneach. Galar víreasach a scaiptear trí bhraoiníní ionfhabhtaithe aeriompartha is ea í.[1][2]
![]() ![]() | |
Cineál | Morbillivirus infectious disease (en) ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | fiabhras, casacht, srón fhliuch, gríos easaintéimeach, liomfadanapaite, anoireicse, buinneach, Koplik's spots (en) ![]() ![]() ![]() |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil, Koplik's spots (en) ![]() ![]() |
Cóireáil | supportive care (en) ![]() ![]() |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | tras-seoladh aeriompartha ![]() |
Éifeacht | 2008 measles epidemic in France (en) ![]() ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | B05 agus B05.9 ![]() |
ICD-9 | 055 ![]() |
CIAP | A71 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0151538 ![]() |
DiseasesDB | 7890 ![]() |
MedlinePlus | 001569 ![]() |
eMedicine | 966220 ![]() |
Patient UK | measles-pro ![]() |
MeSH | D008457 ![]() |
UMLS CUI | C0025007 ![]() |
Tréithe Cuir in Eagar
Tosaíonn sí le casacht is srón silidh, agus ina dhiaidh sin tarlaíonn gríos dearg smeartha is fiabhras.
Briseann gríos méirscreach dearg amach tríd an gcraiceann. Uaireanta bíonn seordán le tabhairt faoi deara freisin.
Aimhréidh is féidir tarlú is ea niúmóine, agus b'fhéidir ionfhabhtú tánaisteach baictéarach don chluas inmheánach. Tarlaíonn ionfhabhtú víreasach scaipthe san inchinn (ioncafailíteas) go hannamh freisin, agus uaidh sin damáiste don inchinn.
Is é an bealach is fearr chun daoine a chosaint ón mbruitíneach ná an vacsaín MMR (i gcoinne na bruitíní, na leicní agus na bruitíní deirge) a fháil.[3]
Eipidéimeolaíocht Cuir in Eagar
Tá tarlú an ghalair i dtíortha forbartha laghdaithe go mór le húsáid vacsaíní, ach is coitianta é i dtíortha neamhfhorbartha agus baineann mortlaíocht shuntasach leis. Tagann an bhruitíneach ar leanaí agus ar dhaoine óga go háirithe.
In 2017, tá méadú tagtha tríd is tríd ar líon na gcásanna bruitíní a tuairiscíodh i dtíortha Eorpacha. Bhí sé tuairiscithe ag an Ríocht Aontaithe, an Iodáil agus an Rómáin gur tharla na ráigeanna is mó den víreas go dtí seo.[4]
In Éirinn Cuir in Eagar
Bhí an bhruitíneach fairsing in Éirinn go dtí na 1960idí. Mar shampla, bhí an bhruitíneach ar Dubhghlas de hÍde ina pháiste (agus dá bharr sin, is sa mbaile, óna athair, a fuair sé a chuid bunoideachais).[5]
Idir 2004 agus 2007, bhí rátaí imdhíonta do leanaí de dhá bhliain d’aois idir 87.5% do bhruitíneach, phlucamas agus bhruitíneach dhearg (MMR) go meán de 92% do na vacsaíní eile.[6]
Ag deireadh an fichiú haois, bhí clár cuimsitheach vacsaínithe curtha i bhfeidhm agus bhí an bhruitíneach beagnach díbeartha ar fad as an tír.[7]
Tháinig an galar ar ais sna 21ú haois nuair a scaipeadh bréagnuacht faoi.[8]
Féach freisin Cuir in Eagar
Tagairtí Cuir in Eagar
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais".
- ↑ "History of measles vaccination" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2023-03-11.
- ↑ Department of Foreign Affairs. "Comhairle faoin mBruitíneach don Eoraip - Department of Foreign Affairs and Trade" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ Department of Foreign Affairs. "Comhairle faoin mBruitíneach don Eoraip - Department of Foreign Affairs and Trade" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Dubhghlas de hÍde". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Sláinte an Daonra" (en). HSE.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-10. Dáta rochtana: 2020-04-06.
- ↑ "Cás den bhruitíneach aimsithe" (as ga) (2016-05-12).
- ↑ "Limerick health chiefs warn of measles outbreak due to low vaccine uptake" (en). BreakingNews.ie. Dáta rochtana: 2023-03-11.