Heipitíteas
Is éard is Heipitíteas nó an galar buí ann ná athlasadh an ae, arb é is príomhthréith ann ná cealla athlastacha a bheith i láthair i bhfíochán an orgáin. Athlasadh san ae ar víreas is bun leis[1]. Is iad na víris is coitianta ná heipitíteas A, heipitíteas B agus heipitíteas C.
Cineál | galar ae, athlasadh, liver symptom (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | gaistreintreolaíocht, heipiteolaíocht, galair thógálacha, internal medicine (en) agus family medicine (en) |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | buíochán, anoireicse, pian sa bholg agus heipitimeigileacht |
Scrúduithe | tástáil fola agus bithóipse ae |
Cógais ledipasvir/sofosbuvir (en) , ribavirin (en) , peginterferon alfa-2b (en) , peginterferon alfa-2a (en) agus sofosbuvir (en) | |
Pataigineas | |
Buaileann sé | ae |
Cúis | Hepatitis B virus, alcólachas, nimhiú, uath-imdhíonacht, Hepatitis delta virus, Hepatitis A virus, víreas heipitíteas C agus Hepatitis E virus |
Éifeacht | ciorróis |
Aicmiú | |
ICD-10 | K73.9 |
ICD-9 | 570, 571.4, 571.40 agus 571.41 |
CIAP | D72 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0113857 |
DiseasesDB | 20061 |
MedlinePlus | 001154 |
MeSH | D006505 |
UMLS CUI | C0019158, C0149519, C0019189, C0001308 agus C0019158 |
DOID | DOID:2237 |
Tréithe cuir in eagar
Is féidir leis an ngalar a bheith féinteorannaithe, ag cneasú leis féin nó is féidir leis an ngalar dul chun cinn ag fágáil colm ar an ae.
Bíonn Heipitíteas géar nuair a mhaireann sé níos lú ná sé mhí agus ainsealach nuair a leanann sé níos faide na sin. Is cúis le grúpa de víreas, a dtugtar víris heipitítis orthu, formhór na gcásanna ar fud an domhain.
Is féidir le tocsainí (alcól ach go háirithe), ionfhabhtuithe eile nó ón bpróiseas uath-imdhíonachta freisin a bheith freagrach as Heipitíteas.
Féadfaidh ionfhabhtú fochliniciúil a bheith i gceist leis an ngalar nuair nach mothaíonn an duine tinn.
Éiríonn an t-othar tinn agus bíonn airíonna siomptómacha ag gabháil leis nuair atá laghdaithe ar chumas an ae; substaintí dochracha a ghlanadh amach, comhdhéanamh na fola a rialú, agus táirgeadh domlais chun cabhrú le díleá i measc rudaí eile.
Cineálacha Éagsúla Heipitítis cuir in eagar
Tá cineálacha éagsúla heipitítis ann, mar atá;
- A (Heipitíteas ionfhabhtaíoch). Faightear heipitíteas A trí uisce nó bia truaillithe a ionghabháil. Tarlaíonn galar géar dá thoradh, le fiabhras, masmas, tuirse, is buíochán. Is féidir go mbeidh an t-othar lagaithe ar feadh cuid mhaith míonna, agus go bhfaighidh seanduine bás uaidh. Ní bhíonn torthaí fadsaolacha ar dhaoine a thagann slán uaidh. Is scéal eile é maidir le heipitíteas B agus C, galair nimhiúla thógálacha.
- Heipitíteas B agus heipitíteas C.Faightear heipitíteas B agus C ó fhuil nó sreabháin cholainne thruaillithe, go díreach (mar shampla, ó shnáthaid nó i bhfuilaistriú) nó trí chomhriachtain. Galair ghéara cosúil le heipitíteas A is ea iad, ach déantar dochar buan don ae agus tarlaíonn ciorróis is ailse mar thoradh orthu. Cuireann siad tús le timpeall 80% d'ailsí an ae, agus gach bliain maraíonn siad cúpla milliún duine ar fud an Domhain. Meastar go bhfuil an baol d'fhiaclóir 5 oiread níos mó ná don ghnáthdhuine, de bhrí go mbíonn sé ag láimhseáil suas le 20 othar in aghaidh an lae, ag teacht i dteagmháil le sreabháin cholainne mar fhuil is seile na n-othar. Bíonn baol freisin do theicneoirí fiaclacha a thagann i dteagmháil le múnluithe ó na hothair, fiú i bhfad tar éis don sreabhán triomú, mar go bhfanann an víreas nimhiúil tríd an bpróiseas seo. Ar ámharaí an tsaoil, tá ionaclú éifeachtach ar fáil i gcoinne heipitíteas B, agus tá sé práinneach go nglacfaidh teicneoirí atá i mbaol leis.
- D.
- E.
Téarmaíocht cuir in eagar
Is é an t-ainm sa tSean-Ghréigis ná hepar (ἧπαρ), ón fhréamh hepat-(ἡπατ-), rud a chiallaíonn ae, agus ciallaíonn an t-iarmhír -íteas "athlasadh" (c. 1727) [2].
Eipidéimeolaíocht cuir in eagar
Reáchtáiltear an Lá Domhanda in aghaidh an Heipitítis ar an 28 Iúil gach bliain. Pléann na saineolaithe an chaoi inar féidir le tíortha an faireachas ar ghalair a fheabhsú i leith an heipitítis víreasaigh, faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo díothú an heipitítis, agus freagairt níos fearr don heipitíteas i measc daoine a insteallann drugaí iontu féin.[3]
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- Bileog fíricí 'WHO'
- An heipitíteas ag an CDC (Centers for Disease Control and Prevention, SAM)
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais".
- ↑ Online Etymology Dictionary
- ↑ ECDC (2017). "VEID, ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha agus heipitíteas víreasach: HSH". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-28. Dáta rochtana: 2019.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |